POTA: Preabchaifé Gaeilge

Is aoibheann liom bia. Ní hamháin don bhlas ná don phléisiúr a bhaineann le é a ullmhú ach don chumhacht a bhaineann leis. Is rud coiteann eadrainn ar fad é gur gá dúinn ithe. Tugann sé le chéile muid agus bíonn sé i láthair ar bhealaí éagsúla ag na hamanna is mó ceiliúrtha agus comórtha inár saol; breith, bás, bainnis, breithlá: béile.

IMG_20180608_141328.jpg

Mar a luaigh mé nuair a thosaigh mé amach ar an mblag seo breis agus bliain ó shin, bhí dúil agam i gcónaí sa chócaireacht. Le bliain go leith anuas thóg mé céim eile chun cinn leis an dúil sin agus mé ag obair go gairmiúil mar chócaire. Bhí sprioc amháin agam leis i gcónaí, is é sin caifé Gaelach a chur ar bun. Theastaigh uaim leas a bhaint as an gcumhacht iontach sin, a bhaineann le bia, le spás sóisialta a chur ar fáil do na Gaeil. Anois, tá sé in am tús a chur leis.

IMG_20180522_072317.jpg

Ar an 15 Meitheamh osclóidh mé preabchaifé i nGael-Taca Chorcaí. Is é POTA an t-ainm a bheidh ar an dtogra nua seo nach mbeidh á reáchtáil ach ar feadh míosa. Idir tagines agus churaithe, stobhaigh agus anraithí, potaí teo a bheidh mar phríomhrogha sa chaifé nua seo. Tarraingeofar ar stíleanna cócaireachta go leor tíortha agus cultúr éagsúil, ach bainfear úsáid as cómhábhair shéasúracha áitiúla leis sin a dhéanamh. Beidh caife maith, tae agus earraí úra bácáilte ar fáil freisin.

IMG_20180605_184031.jpg

I ngach cultúr dúchasach ar fud na cruinne feictear cineálacha éagsúla potaí teo. Bíonn na miasa seo ag cócaráil leo go mall ar thinte agus ar shoirn, blasanna áille á bhforbairt iontu, agus os a gcomhair bíonn daoine ag labhairt lena chéile ina gcuid teangacha dúchais féin. Leis an gcaifé seo, POTA, táimse ag iarraidh an rud céanna a chruthú.

IMG_6899.JPG

Le déanaí bhí mé ag obair mar chócaire in House Café sa Cork Opera House agus in O'Mahony's of Watergrasshill, beár agus bialann nua i dtuaisceart an chontae, áit ar tógadh mé. Bhí an t-ádh dearg liom an dea-mheon atá ag an dá ghnó seo i dtaobh foinse agus caighdeán na gcomhábhair a úsáidtear a fheiceáil agus tabharfaidh mé liom sin agus na scileanna úra agam chuig an togra nua seo.

IMG_20180607_103222.jpg

A thaobh na teanga de reáchtálfar an caifé nua seo trí mheán na Gaeilge, gan amhras, ach beidh fáilte mhór freisin rompu siúd nach bhfuil ach beagán Gaeilge acu. Cuirfimid acmhainní agus tacaíocht ar fáil do gach duine, agus tá súil againn go gcuirfidh sé sin (mar aon leis an atmaisféar dearfach) ar chumas gach duine taitneamh a bhaint as an spás agus go mbainfidh siad úsáid as pé Gaeilge atá acu.

IMG_6578.JPG

Le linn thréimhse an phreabchaifé reáchtálfaimid imeachtaí éagsúla cultúrtha sa spás, idir imeachtaí filíochta, imeachtaí ceoil agus imeachtaí scéalaíochta. Cuirfear gach eolas fúthu siúd ar fáil trí na meáin shóisialta, anseo, go luath.

IMG_20180515_094756.jpg

Gael-Taca lonnaithe in áit álainn ar Phort Uí Shúilleabháin le fada an lá, agus iad ag treabhadh an ghoirt ar son na nGael sa chathair leis na blianta. Seo céim eile chun tosaigh dóibh agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a choinneáil beo bríomhar san fhíor-phríomhchathair. Tá mé iontach buíoch dóibh as an deis a thabhairt dom an caifé seo a chur ar bun.

Ón 15 Meitheamh ar aghaidh beidh Pota ar oscailt ó Mháirt go Satharn, idir 10.00am agus 4.00pm.

(Maithigí dom an easpa bhlagiontrálacha le déanaí, is ag obair air seo a bhí mé.)