Bia Pheiriú: saibhreas agus éagsúlacht as cuimse

I bhfad sular bhain mé Peiriú amach bhí a fhios agam go mbeadh sé ar cheann de bhuaicphointí bia an turais. Tá cúpla cúis ann go bhfuil éirithe leo caighdeán fíor-ard bia a bhaint amach mar thír. I dtosach tá stair fhada chasta acu, idir na sochaithe réamh-Inceacha, na hIncigh féin, cóilíniú na Spáinne agus go leor imirce ón Áis agus ón gcuid eile den domhan, agus a rian féin fágtha acu ar fad. An dara rud a théann chun sochair dóibh ná tírdhreach na tíre. Ó a bhí ré na nInceach ann thuigeadar go bhféadfaí micreathimpeallachtaí a chruthú ag airdí éagsúla sna sléibhte. An toradh atá air seo ná nach mbíonn oiread de thionchar ag na séasúir ar an méid is féidir le muintir Pheiriú a fhás agus dá bharr sin go mbíonn fáil acu ar bheagnach gach comhábhar ó cheann ceann na bliana. Idir sin, an fharraige agus an Amasóin tá éagsúlacht iontach bun-chomhábhar i bPeiriú. An tríú rud atá ag dul dóibh ná go n-oibríonn siad go han-dian le leas a bhaint as na buntáistí seo agus le cinntiú go mbíonn siad i gcónaí cruthaitheach agus ceannródaíoch ina gcuid iarrachtaí. Tá péire de na 10 mbialann is fearr ar domhan in Lima. Bhain mé an-sult mar sin as mo bhealach a ithe ó cheann ceann na tíre. 

Chicharrón

upload.png

Tá chicharrón le feiceáil ar bhiachláir ar fud na tíre. An bhrí atá le chicharrón ná 'brioscánach agus domhainfhriochta'. Bíonn chicharrón de pollo (cosúil le popcorn chicken ó KFC), chicharrón de marisco (cosúil le scampi) agus go leor chicharrónes eile acu ach is éard atá in chicharrón nuair a luaitear leis féin é ná bolg muiceola domhainfhriochta. Tá cineálacha éagsúla cur chuige feicthe agam leis seo a dhéanamh, cuid acu a thugann níos mó feola duit agus cuid eile nach mbíonn ar an bpláta ach an tsaill féin agus é brioscánach. An ceann ab fhearr a bhí agam, gan aon amhras, ná an ceann a d'itheas sa mhargadh in Arequipa a tháinig le sailéad deas, le prátaí agus le harbhar briosc.

Ceviche

upload.jpg

Ó d'fhágas an baile bhí ceviche ar m'intinn agam. Tá iomrá air ar fud na cruinne na laethanta seo agus é an-choitianta ar bhiachláir ach táid á ithe i bPeiriú le fada an lá. Bhí sé blaiste agam in Éirinn ach theastaigh uaim é a thriail san áit ar bhain sé cáil amach. Is éard atá ann ná iasc úr atá 'cócaireáilte' in aigéad. Ní cócaireáil atá ann i ndáiríre ach cuireann an dínádúrú a dhéanann an t-aigéad ar phróitéin an éisc cuma agus uigeacht na cócaireachta air. Tá go leor leaganacha éagsúla ar fáil a bhaineann úsáid as cineálacha éagsúla éisc freisin, bia mara san áireamh, ach caithfidh mé a rá gurb é an ceann simplí a úsáideann iasc úr bán an ceann is mó a thaitníonn liomsa. An gnáthmheascán a úsáidtear leis an aigéadú seo a dhéanamh ná sú líoma, gairleog agus sillí. Ar an bpláta leis, go hiondúil, tabharfar duit práta milis, sailéad d'oinniúin agus trátaí (le mórán an leasú céanna is atá ar an iasc féin) agus arbhar de chineál éigin. Is é an rud is tábhachtaí, dar le muintir Pheiriú, ná go mbeadh an t-iasc féin an-úr. Dúradh liom nach n-íosfadh muintir Lima iasc na maidine théis lóin. Níl sé sin sách úr! 

Prátaí 

upload.jpg

Bhraith sé go raibh mé ar bheagáinín d'oilithreacht agus mé ag taisteal ó Éirinn go háit dúchais an phráta, áit ar bhailigh Walter Raleigh na seoda sin dúinn a raibh oiread de ghrá agus de ghráin againn orthu ag amanna éagsúla le linn stair ár dtíre.

upload.jpg

Shíl mé go raibh cur amach agam ar gach cineál práta agus ar gach úsáid a d'fhéadfaí a bhaint astu go dtí gur bhain mé Peiriú amach. Tá breis agus 2,500 cineálacha éagsúla práta acu agus tá cúpla cleas nua foghlamtha agam le hiad a ullmhú. 

Causa

upload.jpg

Ceann de na húsáidí nua sin domsa ab ea causa. Déantar é trí phrátaí bruite brúite a mheascadh le sillí, ola agus sú líoma. Cuirtear an meascán seo le chéile i sraitheanna le rudaí éagsúla cosúil le sailéad sicín nó sailéad tuinnín. Is cinnte go ndéanfaidh mé an ceann seo arís sa bhaile. 

Papas a la Huancaina (Prátaí ar stíl Huancaya) 

upload.jpg

Níl modh cócaireachta na bprátaí féin san oideas seo chomh nuálaíoch sin: bíonn siad bruite. Ach ní raibh prátaí agam le hanlann mar seo riamh! Tá an t-anlann déanta as sillithe spíosracha, oinniúin, gairleog, cáis, agus bainne galaithe. Tá uigeacht dheas uachtarach ag baint leis agus táid fíor-bhlasta ar an stíl seo.

Arbhar

upload.jpg

Mar an gcéanna leis na prátaí, níor thuig mé oiread éagsúlachta cineáil agus úsáide a bhain le harbhar go dtí gur chaith mé seal i bPeiriú. Thuig mé go raibh arbhar milis againn i gcannaí nó mar dhias, thuig mé nach don duine ach d'ainmhithe a fhásann feirmeoirí min bhuí agus d'aithin mé go raibh an cineál arbhair a úsáidtear le haghaidh grán buí rósta difriúil ón gcuid eile. An t-aon rud spéisiúil eile ar tháinig mé trasna air ná comhlacht iontach i dTiobraid Árann a dhéanann tortilla gorm, rud a dúradh liom a bhfuil baint dhlúth aige le Meiriceá Laidineach, ach shíl mé go raibh cuma osnádúrtha air. Ansin bhain mé Peiriú amach. Déantar deochanna, milseoga, sneaiceanna salannacha, aráin agus go leor eile as an réimse leathan atá acu!

Chicha Morada

upload.jpg

Deoch mhilis atá in chicha morada. Déantar é as an arbhar gorm acu agus bíonn dath corcra (morada) air. Tá sé ar fáil go forleathan, déanta úr nó as paicéad púdair ón ollmhargadh. Tá blas álainn cainéil air agus is rud lárnach é go minic ag cóisirí do pháistí. 

Arbhar Brioscánach  

upload.jpg

Ceann de na nósanna a thaitin go mór liom i bPeiriú ná an t-arbhar brioscánach seo a thabharfaidís amach mar amuse bouche. Tá sé brioscánach, salannach agus éadrom; bheadh sé foirfe mar sneaic beáir. Bíonn sé acu mar mhaisiú ar bhéile go minic freisin agus bhí sé agam ar bharr ceviche agus chicharrón araon. 

Arbhar agus Cáis 

upload.jpg

Ní déarfaidh me mórán faoin nós seo atá ag muintir Pheiriú de bharr go raibh go leor díomá orm leis. I dtír atá chomh maith sin le bia, níor shíl mé go raibh mórán éagsúlachta ná caighdeán ag baint leis an réimse cáise a bhí agam ann. Beagnach i gcónaí tugtar duit an queso blanco (cáis bhán) seo nach bhfuil mórán blas ná aibíocht ag baint léi.

upload.png

Nuair a luadh liom gur nós le muintir Pheiriú arbhar le cáis a bheith acu bhí mé ag samhlú rud éigin álainn blasta, clúdaithe le cáis leáite. Tugadh dom leathdhias arbhair agus dhá bhata cáise gan bhlas. Spreagadh atá ann leagan níos fearr a chumadh b'fhéidir ...  

Lomo Saltado 

upload.png

An léiriú is soiléire de thionchar na hÁise ar bhia Pheiriú ná an lomo saltado. Go bunúsach is éard atá ann ná píosaí mairteola friochta le hoinniúin agus piobairí in anlann soighe. Go hiondúil tagann sé le rís agus le sceallóga. Bíonn sé mar rogha go minic mar chuid de na biachláir shocraithe a bhíonn ar fáil ar fud na tíre: an-áisiúil mar bhéile don té atá ar bhuiséad teoranta.

Picanteria agus Rocoto Relleno 

upload.jpg

Baineann institiúid na picanterias (áiteanna le bia picante nó spíosrach a fháil), le Arequipa níos mó ná áit ar bith eile sa tír. Leagtha amach rud beag cosúil le bierhaus le binsí móra fada, bíonn siad lárnach sa phobal agus cuirtear méid aisteach bia amach as an gcistin.

upload.jpg

Is i gceann acu seo a raibh deis agam rocoto relleno a thriail. Agus tú ag breathnú air, shamhlófá gur gnáthphiobar líonta é ach is piobar faoi leith é an rocoto, as na Andes ó dhúchas, atá fíochmhar spíosrach. Fiuchtar é leis an teas a mhaolú beagáinín, líontar é le mairteoil mhionnaithe, uibheacha beirithe, rísíní, piseanna talún, cáis agus eile agus róstáiltear é. Tá sé spíosrach go maith ach tá sé blasta freisin. 

An bhácáil  

upload.jpg

Is as Cnocán na Biolraí, i gContae Chorcaí domsa. Ag breis agus 600m os cionn leibhéal na farraige is ann atá an talamh is airde insaothraithe sa tír (nó b'in a dúradh liom agus mé ag fás aníos). Mar sin féin, cé gur bhreá liom an locht a chur air sin nuair a theipfeadh ar cháca, ní raibh orm aon mhachnamh a dhéanamh ar an airde agus mé i mbun bácála ann. Ag 3,900m os cionn leibhéal na farraige, scéal eile is ea Cuzco.

upload.jpg

Ní ardaíonn arán ar an ngnathbhealach ansin agus fiuchann uisce ag thart ar 85°C. An toradh atá air seo ná go mbíonn an t-arán ar fad an-íseal agus nach mbíonn cistin ann gan bhrúbhruthaire (do na pónairí ar fad a itear). Ainneoin na ndúshlán seo, agus muid ag tabhairt faoi camino na nInceach d'éirigh leis an gcócaire a bhí againn cáca iomlán a bhácáil ag baint úsáid as pé trealamh a bhí leis ar a dhroim! 

Coca 

upload.jpg

Ní cúrsaí cócaireachta amháin a fhulaingíonn leis an airde. Thóg sé go leor ama orainn féin dul i dtaithí ar an easpa ocsaigine freisin. Chuige sin moladh dúinn dul i muinín duillí atá ag cur fuinneamh i muintir na Andes leis na cianta: duillí coca, na duillí céanna as a ndéantar cócaon.

upload.jpg

I bhfad sula ndearnadh an púdar bán sin, áfach, bhí muintir na Andes ag baint úsáid astu seo le fuinneamh agus cothaithigh a chur ar fáil le linn laethanta fada oibre sna sléibhte nuair nach bhféadfaidís dóthain bia a bhreith leo. Na laethanta seo tugtar do thurasóirí cosúil liomsa freisin iad mar thae, mar mhilseáin nó mar dhuillí amha le cuidiú leis an tinneas airde. 

Picarones 

upload.png

Mar fhocal scoir fágfaidh mé sibh leis an milseog seo a bhí agam in Lima. Leagan faoi leith de thaoschnónna is ea na fáinní áille domhainfhriochta seo. Tugtar picarones orthu agus déantar an taosrán as puimcíní agus prátaí milse. Nuair atáid ullamh, clúdaítear iad le síoróip álainn mhilis a bhfuil blas cainéil agus oráiste uirthi.   

Ainneoin go leor a bheith luaite anseo agam, níl ann ach cuid den réimse fairsing seod atá le fáil i measc bhia Pheiriú. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm agus tá súil agam go mbeidh mé in ann filleadh ar an áit sa todhchaí le níos mó a bhlaiseadh.