9 Seoid Bhia ón gColóim atá Fíordhraíochtúil

Mar is eol do chách, tá stair chomhaimseartha na Colóime casta. Toradh amháin a bhí ar an bhforéigean uafásach a ghlac smacht ar an tír ar feadh go leor den dara leath den bhfichiú haois ná gur sheachain go leor turasóirí an áit. Anois, agus cúrsaí feabhsaithe go mór sa tír, tá na turasóirí ag filleadh uirthi agus is mór an fháilte atá rompu. Ceann de na gnéithe is mó dá gcultúr agus dá dtír atá na Colóimigh ag iarraidh a roinnt leis an domhan mór na an saibhreas bia atá acu. Cosúil leis na tíortha eile a shíneann ón Amasóin, thairis na Andes, chun farraige, tá éagsúlacht as cuimse le fáil ann ach ar a bharr sin tá tionchar na Cairibe agus an Atlantaigh le brath go soiléir de réir mar a dhruideann tú ó thuaidh. D’aimsigh mé seoda áille sa Cholóim a bhí iomlán éagsúil ón méid a bhí le fáil i mbialanna a cuid comharsan. 

Popayán agus Mora Castilla

IMG_20190118_133428.jpg

Ar thrasnú na teorann dúinn amach as Eacuadór isteach chun na Colóime bhí sé beartaithe againn ár mbealach a dhéanamh i dtreo Cali, san iardheisceart. Agus an turas sin rófhada le déanamh in aon léimt amháin, bheartaíomar é a bhriseadh ina dhá leath agus stopadh i mbaile beag darb ainm Popayán. Nach orainn a bhí an t-ádh nuair a tháinig sé chun solais go bhfuil aitheantas oidhreachta domhanda UNESCO ag an mbaile beag bán sin as cúig rud éagsúla, bia ina measc.

doña chepa

Agus muid ar thuras siúil ann dúradh linn gur a bhuíochas le bean amháin go háirithe a bhain an áit an t-aitheantas sin amach don bhia, Doña Chepa, ar léi an bácús (Lo Dulce de Doña Chepa) agus an bhialann thairis, Mora Castilla. Eispéireas faoi leith a bhí ann, mar sin, cuid de na miasa iontu a thriail.

Salpicón Payanés

IMG_20190118_115905.jpg

Le cur síos simplí a dhéanamh air seo, is ionann é agus sluisí. Ní leor sin, áfach, le go dtuigfeá go raibh sé ar cheann de na deochanna fuara ba bhlasta a bhí agam riamh i mo shaol. Is éard atá ann ná oighear brúite (dhéanaidís é le sneachta ó na sléibhte go traidisiúnta), mora de castilla (sú craobh na Andes agus an toradh as ar ainmníodh an bhialann), sú ón lulo (toradh tropacach atá breá searbh) agus píosaí guanabana (toradh deas feolmhar) tríd. Is ar éigean a bhí 24 uair an chloig againn in Popayán agus chuamar ar ais chuig an mbialann seo le Salpicón amháin eile a bheith againn sular fhágamar an áit.

Empanaditas de Añejo 

empanaditas de añejo

Seo emapanaditas de añejo. Empanadas beaga domhainfhriochta is ea iad, déanta le taosrán arbhair choipthe. Bhíodar líonta le pipián agus leo bhí anlann álainn deanta as piseanna talún. Bhíodar iomlán éagsúil ó na empanadas ar fad a bhí againn roimhe sin agus an-bhlasta!

Patacon con Queso

IMG_20190118_132205.jpg

Tá patacon con queso sách simplí mar oideas ach iontach blasta. Tógtar plantán, gearrtar ina dhá leath é fad an toradh, domhainfhriochtar é, brúitear amach réidh é agus domhainfhriochtar arís é go mbeidh sé brioscánach, ansin clúdaítear le cáis é. Tugtar anlanna éagsúla duit ar an taobh le hé a mhaisiú agus tá sé coitianta go maith é a fháil i dteannta le hiasc sa Cholóim. Simplí, is ea, ach is minic a bhíonn na rudaí is simplí ar na rudaí is fearr agus thaitin sé seo go mór liom.

Arepa

IMG_20190118_174910.jpg

Ní féidir cuairt a thabhairt ar an gColóim gan teacht ar arepa. Cosúil le tortilla, déantar é as cineál faoi leith plúir arbhair, ach friochtar na dioscaí tiubha seo seachas iad a chócaireáil ar theas tirim. Uaireanta bíonn siad uafásach lom agus tirim cosúil le cairtchlár nó cáca ríse atá fágtha amuigh ag duine sa ghrian ar feadh seachtaine ach má dhéantar i gceart iad táid dochreidte!

IMG_20190205_120459.jpg

Bhí an ceann thuas líonta le him agus le cáis agus bhí sé fíorbhlasta! Bhí cinn eile agam ar líonadh iad cosúil le pitta nó wrap, le go leor sailéid agus rudaí blasta eile. Tá siad lárnach in aiste bia na tíre.

IMG_20190207_171258.jpg

Caife  

IMG_20190123_092110.jpg

Bhí deis agam próiseas déantúsaíochta an chaife a fheiceáil ó thosach deireadh in Salento, i dtriantán caife na Colóime. Bhí sé millteanach spéisiúil tuiscint níos doimhne a fháil ar an stuif seo atá chomh lárnach i mo shaol. Thug mé cuairt ar Finca Don Eduardo (Tim Edwards an t-ainm atá ar an bhfear ar leis é ach bhraith sé nach gcreidfeadh daoine gur fíor-fheirmeoir caifé é agus ainm mar sin air!).

IMG_20190123_113106.jpg

Phiocamar cúpla sílín caife agus muid ann. Níomar iad, bhaineamar díobh an toradh agus scagamar na cinn nach raibh ar chaighdeán chomh hard céanna trí iad a chur ar snámh in uisce. Tógann an próiseas triomaithe cúpla lá faoin ngrian ach bhí cinn ullamh ag Don Eduardo dúinn agus bhí deis againn iad sin a róstáil agus caife a ghrúdadh leo sin láithreach bonn. Is féidir breathnú ar an bpróiseas ar fad ar m’instagram anseo.

Screen Shot 2019-08-05 at 10.14.32.png

Buñuelo

IMG_20190124_134014.jpg

Seo buñuelos. Chonaic mé iad ar na sráideanna agus sna bácúis fud fad na Colóime. Liathróidí beaga is ea iad déanta as plúr cassava, cáis agus uibheacha agus iad domhainfhriochta. Tá siad trom go maith agus níos cosúla le cáca ná arán i ndáiríre ach b’iontach an sneaic iad don fhánaí bocht seo ar bhuiséad teann leis an mbearna a líonadh idir béilte.

Screen Shot 2019-08-05 at 10.23.03.png

Pan de Bono 

IMG_20190125_075249.jpg

Builín beag aráin is ea Pan de Bono atá déanta as plúr cassava agus plúr arbhair measctha le cáis. Tá go leor cosúlachtaí idir é agus an Buñuelo mar sin ach bhí an toradh deireanach an-difriúil. Tá sé breá fóinteach agus saor ó ghlútan. Sneaic iontach eile le breith leat agus tú ag siúl sráideanna chathracha na tíre.

Bandeja Paisa 

Screen Shot 2019-08-05 at 10.01.26.png

Seo Bandeja Paisa (Trádaire mhuintir Paisa), pláta cáiliúil bia ó cheantar Paisa na Colóime. Tá sé rud beag cosúil leis an mbricfeasta Éireannach sa bhaile. Bíonn ispíní, putóg, uibheacha friochta, abhacád, pónairí, mairteoil mhionnaithe, rís, plantáin agus chicharrón (bolg muiceola domhainfhriochta) ann. Thriaileas féin é i mbialann darbh ainm Hacienda ar an bpríomhshráid siopadóireachta in Medellín agus bhí dóthain ar an bpláta do bheirt gan aon amhras. Ní gá dom a rá nach rud é seo a d'íosfá go rómhinic!

Agus roinnt mhaith tíortha feicthe agam ag an bpointe seo sa turas caithfidh mé a rá go bhfuil an Cholóim san iomaíocht don cheann ba mhó a thaitin liom. Bhí muintir na tíre millteanach cabhrach agus fáilteach, bhí tírdhreach na tíre fíochmhar éagsúil agus spéisiúil ó cheann ceann na tíre agus bhí caighdeán agus réimse an bhia go hiontach ar fad. Seans, agus mé chomh tógtha sin le caife, go bhfuil mé beagáinín claonta áfach.