Euskadi (Tír na mBascach)

Thaistil mé le déanaí go dtí Tír na mBascach (réigiún atá ar an teorainn idir tuaisceart na Spáinne agus deisceart na Fraince). Mhúsclódh cultúr agus bia an réigiúin araon do chuid spéise. In aghaidh an duine, tá níos mó bialann a bhfuil réalta Michelin acu sa cheantar seo ná i gceantar ar bith eile ar domhan, ach ní gá tú féin a chur i dtigh na mbocht le bia den chéad scoth a ithe ann agus leis an gcultúr a shú isteach. Is féidir é a dhéanamh ar chostas i bhfad níos lú ná mar a bheadh ar bhéile amuigh in Éirinn.

Agus mé ann, chuaigh mé i mbun cócaireála, ite agus foghlama le cuid den bhia is fearr atá le fáil sa cheantar. Do dhuine ar bith atá ag smaoineamh ar chuairt a thabhairt ar an áit, seo a leanas na buaicphointí bia domsa:

Scoil Chócaireachta MIMO

Thug mé faoin gcúrsa 'Basque Cooking Class: France, Navarra & La Rioja' le MIMO. Molaim na cúrsaí seo go hard na spéire. Tá cúpla cúrsa aon lae déanta agam agus bíonn an-chraic leo i gcónaí. Is bealach iontach iad le tuiscint a fháil ar bhia maith. Is é seo an ceann is fearr atá déanta agam. Tá an spás teagaisc atá ag MIMO galánta, lán fearas agus an-taitneamhach ach is é an bua is mó a bhaineann leis an scoil ná ábhar na gcúrsaí agus an chaoi ina ndéantar é a chur in iúl. Ba é Patricio Fuentes, príomhchócaire na scoile, agus a chúntóir Chiara Bottacin, a mhúin muid agus bhíodar thar barr!

Bhí a gcur chuige agus a dtuiscint ar an ábhar iontach. Ní hamháin gur fhoghlaim mé cúpla modh agus oideas álainn, threisigh an cúrsa im' aigne an tábhacht a bhaineann le comhábhair úra, ar ardchaighdeán, atá ullmhaithe ar bhealach simplí. Mholfainn cúrsa mar seo a dhéanamh luath i do thuras seachas déanach. Bhí an teagascóir, Patricio, fíormhaith ag roinnt eolais maidir leis na bialanna is fearr sa réigiún, ag gach leibhéal costais.

Bíonn go leor daoine buartha go mbeidh cúrsa cócaireachta cosúil le bheith suite sa seomra ranga scoile agus dinnéar a réiteach sa bhaile, measctha le chéile ar an mbealach is measa ach níor casadh duine orm go fóill nár bhain sult as an eispéireas tar éis dóibh tabhairt faoi. Go pearsanta, níl rud ar bith níos blasta ná béile a raibh baint agatsa lena ullmhú faoi stiúir cócairí oilte a bhfuil taithí den scoth acu ar an ábhar.

Musaem Bia Ordizia

Tá an aeráid i dTír na mBascach mórán mar an gcéanna lenár gceann féin. Tá na bun-chomhábhair chócaireachta, mar sin, cosúil leis an méid atá againne freisin. Comhábhair laethúla is ea iasc úr ón Atlantach cosúil le colmóir agus trosc, feoil agus bainne úr ó chaora agus ó bheithígh fhéarchothaithe agus prátaí agus glasraí úra eile.

Bhraith mé, mar sin féin, gur fhág réimse agus doimhneacht na húsáide a bhaineadar as na comhábhair sin an dúchas cócaireachta againn féin in áit na leathphingine. Tádar an-bhródúil as an gcultúr bia seo agus an-sásta é a roinnt le gach aon duine. Chuige sin, tá cúpla musaem bia bunaithe acu sa réigiún le cuidiú leo an bua seo a chur os comhair an tsaoil. Thug mé cuairt ar cheann acu agus bhí lúcháir orm gur thug.

Ar thuirlingt dom, bhí an áit beo bríomhar. Bhí cáiseoirí as gach cúinne den Spáinn tagtha le chéile dá gcomhdháil bhliantiúil. Trí urlár lán eolais agus taispeántais ilteangacha, ilmheánacha níos moille, bhraith mé go raibh mé i bhfad níos eolaí ar an gcáis cháiliúil áitiúil, Idiazabal agus ar mhargadh ársa an bhaile a reáchtáiltear gach Céadaoin go fóill sa chearnóg. Má tá cuairt á thabhairt agat ar an gceantar, is iontach an bealach é seo le tuiscint níos fearr a fháil ar an gcultúr saibhir bia atá ann.

Pintxo

Tá trácht cloiste againn ar fad ar tapas, miasa beaga bia atá tú in ainm is a roinnt, ach ní raibh mórán tráchta cloiste agam ar pintxo ('pínseó') sular thug mé cuairt ar Thír na mBascach. Siúil leat síos sráid ar bith sa cheantar, afách, agus ní i bhfad a bheidh tú ag foghlaim. Amhail tapas, blaisíní beaga atá iontu a cheanaíonn tú ag an mbeár. Is é an difear is mó ná gur ar an mbeár a choinnítear iad, nó a bhformhór cibé. Is aoibhinn liom é!

N'fheadar an bhféadfá é a dhéanamh in Éirinn mar gheall ar chúrsaí sábháilteachta bia ach oibríonn sé i dTír na mBascach agus is álainn an rud é. Siúlann tú chuig an mbeár, iarann tú cibé cén blaisín atá uait (nó má tá tú cosúil liomsa, bíonn go leor geáitsíochta i gceist agus tú ag streachailt le do chuid droch-Spáinnise), cuirtear ar phláta é agus tugtar duit é, go iondúil le caña beorach nó gloine vino. Is féidir do sháith a ithe in aon áit amháin nó spaisteoireacht leat ó bheár go beár ag blaiseadh, ag déanamh comparáide agus ag sú isteach an fheiniméin iontach seo.

I dtosach, le bheith macánta, bhí mé faoi bhrú leis an rud ar fad, ach foghlaimíonn tú go gasta gur fiú an stró nuair a bhaineann tú triail as na blaisíní beaga seo. Tortilla, Morcilla (Putóg Dhubh), Jamón Iberico, Foie, Queso Idiazabal; na bianna áille, áitiúla seo ar fad curtha os do chomhair ar shliseanna úra aráin.

Leis an tírdhreach saibhir bia seo le taiscéaladh, is cinnte gur chóir don té ar spéis leis bia cuairt a thabhairt ar Thír na mBascach. ¡Que aproveche!

P.S. Déan iarracht roinnt torthaí agus glasraí úra a ithe i rith an lae. Bíonn go leor cáise, feola agus bia domhainfhriochta i gcoitinne i gceist leis na pintxo agus tar éis cúpla lá, aireoidh tú uait rudaí úra.

P.P.S. Churros!