Bia Phanama; imigh ón gcanáil agus aimsigh na seoda

Tá an ról atá glactha ag Panama agus an canáil cáiliúil acu i stair chomhaimseartha an domhan an spéisiúil ar fad agus níl amhras ar bith ach go raibh tionchar aige sin ar chultúr na tíre agus ar an gcineáil bia atá le fáil ann. Tá teacht ar gach slabhra mór Meiriceánach ó MacDonald’s go Taco Bell i gcathair Phanama ach má dhéanann tú beagáinín tochailte is féidir teacht ar chuid de sheoda dúchasacha na tíre agus is fiú go mór an stró. Chaitheamar féin cúpla lá sa phríomhchathair ach níor thaitin cultúr na háite linn, fiú sa sean-chuid. Ar éalú dúinn ón gcathair chuamar chomh fada le Bocas del Toro, oileán beag amach ón gcósta thuaidh, agus le Boquete atá lonnaithe sna sléibhte, timpeallaithe ag néalfhoraoiseacha. Is na háiteanna sin a d’éirigh linn cuid de bhia laethúil dúchasach na tíre a thriail. Mar a bheifeá ag súil leis, bhí bananaí agus plantáin sách lárnach sa bhia acu chomh maith le huibheacha. Le bheith macánta táimse an-tógtha leis an dá cheann acu, mar sin bhíos breá sásta.

Ropa Vieja

IMG_20190214_190657.jpg

Seo Ropa Vieja (sean-éadaí), mias atá coitianta i bPanama agus áiteanna eile sa Chairib. Íochtar an chliatháin mairteola atá ann, mall cócaireáilte, stróicthe agus measctha le hanlann milis trátaí agus glasraí eile. Ainneoin an ainm, tá sé iontach blasta. Bhí sé agam leis féin agus i gceapaire agus mholfainn go mór é.

Carimañola

Screen Shot 2020-01-12 at 19.17.47.png

Friochtóg yuca atá in carimañola le cáis agus mairteoil mionaithe ina láir agus grabhróga aráin thart timpeall air. Bia sráide álainn eile ó Phanama. Ní fhéadfainn é a mholadh mar bhealach le meáchan a chailleadh ach bhí sé fíochmhar blasta agus an cháis laistigh ag leá.

Hojaldras

Screen Shot 2020-01-12 at 19.33.08.png

Déantar hojaldras as plúr, púdar bácála agus uibheacha measctha agus domhainfhriochta (agus clúdaithe go minic le siúcra). Táid go hálainn céad rud ar maidin. An-chosúil le buñuelos na Bolaive agus rud beag cosúil le taoschnónna simplí sa bhaile.

Tortilla Phanama

Screen Shot 2020-01-12 at 19.20.45.png

Seo iad tortillas Phanama. Tá siad an-difriúil ón gcineál tortilla atá acu i Meicsiceo agus i nGuatamala agus nílid cosúil le harepa na Colóime ach oiread. Bíonn cáis agus im measctha tríothu agus blas níos milse orthu cosúil le cáca. Thaitin siad go mór liom ach bhíodar aisteach le rudaí neamh-mhilse cosúil le huibheacha mar atá anseo.

Plantán Friochta agus Tostones

IMG_20190303_085648.jpg

B’úsáideach an sneaic bus iad ceapairí bananaí dúinne agus muid ar bhuiséad teoranta. Bhí fáil forleathan agus furasta orthu, go háirithe i bPanama. Sna hochtóidí b’ionann easpórtáil na bananaí agus 83% den luach iomlán easpórtála acu sa tír. Shílfeá mar sin nach mbeinn ró-sceitimíneach faoina gcuid colcheathracha, plantáin. Ní raibh, go dtí gur bhlas mé iad seo. Réabhlóideach! Tá bananaí á fhriochadh agam d’fhonn athrais a dhéanamh orthu ó a bhlas mé iad. Go hiondúil gearrtar slísíní fada den phlantán aibí nó gearrtar in 3 nó 4 cuid iad. Tá rud éigin faoin gcarmailiú a dhéanann an friochadh ar na siúcraí sa phlantán atá draíochtúil amach is amach. B’fhiú do gach éinne é a thriail sa bhaile, fiú le gnáthbhananaí.

20190212_133231.jpg

Tá tostones rud beag éagsúil. Gearrtar slísíní trasna ar an bplantán sula mbíonn sé go hiomlán aibí. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil na siúcraí chomh forbartha céanna ann agus go bhfuil sé níos oiriúnaí mar mhias neamhmhilis. D’fhéantar iad a fhriochadh faoi dhó. Bíonn plantán friochta fós sách bog ar an taobh istigh, bíonn na tostones seo níos cosúla le criospaí tiubha agus arís táid go hálainn ar fad.

Yuca frita

Screen Shot 2020-01-17 at 08.40.47.png

Yuca, cassava, manioc. Tá go leor ainmneacha éagsúla ar an tiúbar seo ag braith ar an áit ina bhfuil tú. Bhí sé againn mar chineáil de phancóga tapioca sa Bhraisíl, san anraith sa Cholóim, mar arán réidh san Amasóin in Eacuadór, ach b’é yuca frita an bhealach ba mhó ar thaitin sé liom ar an turas. Rinneadh scealóga tiubha den Yuca agus rinne é a dhomhainfhriochadh.

San iomlán thaitin bia Phanama liom. Cosúil le bia na Colóime, bhí tionchar na Cairibe le braith go láidir ann. Is cinnte go bhfuil saibhreas dúchasach bia ann ach is gá go leor tocailte a dhéanamh le teacht air i measc tionchar uile an domhanduithe.