Tá an tSile tanaí, rud nach rabhas féin i ndiaidh na mias seo ann.

Tá an tSile tanaí, rud nach rabhas féin i ndiaidh na mias seo ann.

Tá an tSile dochreidte fada (4,270km) agus aisteach tanaí (177km) mar thír. In ainneoin na mílte ciliméadar de chósta a bheith aici, áfach, níorbh iad na torthaí mara na gnéithe den bhia ba shuntasaí domsa agus mé ag taisteal ann. Ba mhó spéise a chuir mé sa tionchar atá imeartha ag tíortha eile na hilchríche (agus ag tíortha níos faide i gcéin) ar chúrsaí bia sa tSile. Ní shin le rá nach bhfuil scoth an bhia le fáil sa tír, áfach, nó nár aimsigh mé nithe blasta nach raibh a macasamhail feicthe agam cheana.

Mote con Huesillo

upload.gif

Tháinig mé ar an deoch spéisiúil seo i gcathair Santiago. Is é an rud is cosúla leis atá blasta agam ná na taeanna fuara, milsithe sin a fhaigheann tú i gcannaí. Déantar é trí pheitseanna triomaithe a fhiuchadh le siúcra agus cainéal. Fuaraítear an leacht agus doirtear isteach i gcupán é thairis cruithneacht chócaireáilte. Tugtar spúnóg duit leis an gcruithneacht a ithe nuair a bheidh an leacht ólta agat. Tá sé an-aisteach agus rud beag rómhilis domsa ach ar lá te samhraidh tabharfaidh sé faoiseamh agus fuinneamh duit. 

Pastel de Choclo 

upload.png

Chuir an mhias seo an baile i gcuimhne dom go pointe agus é cosúil le pióg an aoire. Tosaíonn sé amach ar an dóigh chéanna sa mhéid is go bhfriochtar mairteoil mhionnaithe le hoinniúin agus spíosraí ach uaidh sin téann sé ar bheagáinín de sheachrán. Cuirtear isteach rudaí cosúil le huibheacha beirithe, ológa, rísíní agus sicín fiú. Clúdaítear an rud ar fad ansin le sraith d'arbhar milis agus bácáiltear san oigheann é. Thaitin sé go mór liom ainneoin gur geall le buicéad miodamais an méid atá istigh. 

Llama

upload.png

Tá an llama, agus ainmhithe eile cosúil leis, fíorthábhachtach ar fud na Andes. Is nuair a clódh na llamas a tháinig bonn faoin tsochaí sa chuid seo den domhan. Bhraith an tsochaí orthu le haghaidh éadaí, bainne, feoil agus mar chóras iompair. Is i dtuaisceart na Sile a raibh deis agam féin é a thriail, cócaireáilte ar an mbearbaiciú, maisithe le hanlann chimichurri. Tá sé an-bhlasta, deas súmhar agus cosúil le mairteoil nó uaineoil. 

Chorrillana 

upload.png

Ar fud Mheiriceá Theas tá miasa cosúil leis an Chorrillana le fáil (Lomo a la pobre is ea ceann eile atá le fáil go forleathan). Tá siad mór, míshláintiúil, salach agus fíorbhlasta. Le Chorrillana tosaítear le sraith sceallóga ar an bpláta. Ar a bharr sin cuirtear sraith de shlisíní mairteola. Ar an mbarr ar fad cuirtear uibheacha friochta. Simplí ach éifeachtach. 

Empanadas Domhainfhriochta 

upload.jpg

Rud amháin is ea empanadas bácáilte na hAirgintíne, ach rud eile ar fad is ea cinn domhainfhriochta na Sile. Cosúil le cinn na hAirgintíne, tá na céadta teaglam comhábhar gur féidir a fháil istigh iontu ach tá blas an-difriúil ar an taosrán agus ar a bhfuil istigh de dheasca tionchar álainn na híle te. Thaitin ceann le cáis, trátaí agus basal liom go háirithe. 

Guisos 

upload.jpg

I ngach cultúr ar fud na cruinne tá a gcuid stobhach nó potaí teo féin acu (an inspioráid taobh thiar de Pota). Is minic a eascraíonn na miasa seo as na codanna is boichte den tsochaí agus mar sin is minic a dhéantar iad as na comhábhair is saoire. Ní haon eisceacht í an tSile agus is fiú go mór cuid de na potaí teo seo a thriail. 

I gcoitinne, níor tháinig mé ar oiread éagsúlachta i mbia na Sile is atá feicthe agam i gcodanna eile den ilchríoch ach mar sin féin thaitin a raibh agam liom.