6 bhia a choimríonn tírdhreach bia na Airgintíne

6 bhia a choimríonn tírdhreach bia na Airgintíne

An t-ochtú tír is mó ar domhan, ag síneadh beagnach ón Amasóin go dtí Antartaice agus gach cineál aeráide agus talún le fáil ann, tá tírdhreach na hAirgintíne lán éagsúlachta. Tá an imirce luaite go sonrach mar chuspóir náisiúnta sa Bhunreacht agus tá an toradh air sin ríshoiléir sa tír. Ag pointe amháin sa stair acu bhí ocht n-oiread daoine ag tuirlingt is a raibh cónaí orthu sa tír. É sin ar fad ráite, tá leanúnachas láidir sna cineálacha bia atá le fáil fud fad na tíre.


Empanadas

Tóg ciorcal beag taosráin, cuir dornán beag líonadh i lár báire, fill an taosrán ina leath thairis an líonadh, séalaigh an beart agus déan é a bhácáil. Sin mar a dhéantar na pacáistí beaga blasta seo atá le fáil ar gach cúinne, i ngach siopa agus i ngach caifé fud fad na tíre. Más féidir leat é a shamhlú, cuirfidh siad in empanada é sa tír seo. Na leaganacha is coitianta ná carne (mairteoil mhionaithe) agus jamon y queso (cáis agus liamhás) ach tá gach cineál ruda feicthe agam: sicín, bia mara, arbhar, spionáiste agus leaganacha milse le dulce de leche nó seacláid. Agus an oiread sin éagsúlachta ann, tagann dúshlán spéisiúil chun cinn; agus iad dúnta, cén chaoi a mbeidh a fhios agat céard atá iontu ar fad? An cleas atá acu ná pátrúin dhifriúla a chur orthu, ag brath ar a bhfuil taobh istigh, le hiad a aithint.

upload.gif

Choripan

Chori, giorrúchán ar chorizo (cé go bhfuil brí ar leith le chorizo san Eoraip, tugtar chorizo ar gach ispín san Airgintín) agus pan, arán. Leagan na hAirgintíne den Belfast Bap atá ann, is dócha. Bíonn na hispíní acu an-mhór, áfach, iad níos gaire do phutóg na hÉireann ó thaobh méide de. Gearrtar an t-ispín ina dhá leath agus cócaráiltear ar an mbeárbaiciú é. Isteach leis ansin san arán, rud éigin cosúil le ciabatta beag de ghnáth. Tagann an leagan traidisiúnta le hanlann chimichurri, salsa déanta as gairleog, sillithe, ola, fínéagar agus oregano. Gan amhras, tá iliomad leaganacha difriúla le fáil le gach cineál ruda iontu cosúil le huibheacha, cáis, glasraí, anlanna éagsúla, le cuid acu a lua. Arís, agus an tír an-tógtha le rudaí milse, tá leaganacha milse díobh seo feicthe agam le hispíní seacláide!

upload.gif

Alfajores

Seo an rud is cóngaraí atá feicthe agam do mhilseog náisiúnta na tíre. Bíonn na brioscaí seo i ngach siopa, bíodh sé beag nó mór, i ngach bácús agus i ngach caifé. Is éard atá in alfajor, go traidisiúnta, ná dhá bhriosca le dulce de leche eatarthu agus an rud ar fad clúdaithe le seacláid. Arís eile, áfach, tá iliomad leaganacha le fáil. Tagann siad, go hiondúil, i mbearta aonaracha, cosúil le wagon wheels ach tá siad níos cosúla le chocolate kimberley. Caithfidh mé a rá nach bhfuil mé iontach tógtha leo, go háirithe don bhricfeasta.

upload.gif


Asado

Gan amhras, ní fhéadfá labhairt faoi bhia na hAirgintíne gan tagairt a dhéanamh don mhairteoil. De bharr go bhfuil an tír chomh mór sin agus gur ruaigeadh na bundúchasaigh den talamh, thapaigh an lucht coilíneachta an deis go leor beithíoch a thógáil ann. Anois, tá cáil ar mhairteoil na tíre ar fud na cruinne agus é bailí mar cháil. An modh cócaireachta is cáiliúla atá acu lena haghaidh ná an asado. I ndáiríre, is éard atá in asado na beárbaiciú. Tá sé lárnach sa chultúr acu. Breith, breithlá, bainis; bíonn asado ann. Leagtar an-tábhacht, ní hamháin ar chaighdeán an fheoil, ach ar chaighdeán an adhmaid (seachas gual ná gáis) atá faoi ná faoina bhun.

upload.gif

Dulce de Leche

Tá trácht faoi leith ag dul don anlann seo. Is éard atá ann ná bainne comhdhlúite milsithe. Tá sé gach áit san Airgintín. Bíonn sé acu ar gach rud ón tósta ar maidin go dtí an mhilseog san oíche. Tá siopaí iomlána ann nach ndíolann ach Dulce de Leche. Lena cheart a thabhairt dó, tá sé iontach blasta. 

upload.jpg

Café y Medialunas

Aistrithe go díreach, an bhrí atá le medialuna is ea leathghealach. Is éard atá ann ná croissant. Is minic a fheicfidh tú é os comhair daoine ag a 5 nó a 6 a chlog agus ní íosfaidh siad dinnéar go dtí 10pm. Agus oiread ceangail idir an Airgintín agus an Eoraip, ní haon ionadh go mbíonn snaic Francach acu agus iad ag cloí le sceideal lae cosúil le muintir na Meánmhara. I ngach baile ar fud na tíre, is é an bealach is fusa le comparáid a dhéanamh idir costas na gcaiféanna ar fad ná féachaint ar an bpraghas a ghearrtar ar chaife agus medialuna.

upload.jpg

Agus an oiread sin leanúnachais ann, má thaitníonn bia na hAirgintíne leat, beidh leat i ngach carn den tír. Níor mhaith liom a bheith i m'fheoilséantóir anseo, áfach! 

Focal scoir

Más as Éirinn nó as an Ríocht Aontaithe tú agus má bhíonn tú san Airgintín ag taisteal agus má airíonn tú uait go mór an baile, do chupán tae, scónaí, cácaí agus gnáthcheapairí, tá tearmann le fáil. Is in sráidbhaile beag, gar do Trelew, a lonnaigh go leor de mhuintir na Breataine Bige agus iad ar imirce ann. Go fóill is féidir teacht ar na tithe tae ann agus ainmneacha Breatnaise orthu. Chaitheamar féin tráthnóna álainn ann ag ól tae agus ag cur an saol trí chéile amhail is gur i gcistin bheag sa bhaile a bhíomar. Iontach álainn mar eispéireas. 

upload.jpg
upload.jpg