Anraith Prátaí Milse agus Bainne Cnó Cócó

In ainneoin go bhfuil an t-earrach linn, tá sé fós sách geimhriúil in Éirinn agus tá oideas álainn simplí agam anseo le haghaidh anraith rud beag difriúil a choinneoidh te teolaí tú.

Tá blas ar an anraith seo a chuirfeadh curaí dearg Téalannach i gcuimhne duit agus a chuirfidh ag smaoineamh thú ar thréimhsí agus áiteanna níos teolaí.

Dóthain do: 10

Am: 50 nóiméad

Comhábhair
4-5 Práta Milis, thart ar 1.5kg
3 Ionga Gairleoige
5 Scailiún
4 Bata Soilire
1 Caineann ar Mheán-mhéid
1 Sillí Dearg
1 Ordóg Sinséir
2 Canna Bainne Cnó Cócó
2 Spúnóg Boird Ola

Fearas
Pota Mór le Claibín
Scian Ghéar
Spúnóg Mhór
Cumascóir Láimhe
 

1. Bain craiceann na gairleoige agus gearr go go garbh í.

Gairleog.gif

2. Gearr an sillí ina dhá leath, bain amach na síolta, agus gearr go mion é.

sili.gif

3. Déan láib ar bith a ghlanadh den chaineann, den soilire agus de na scailliúin agus déan iad a ghearradh ina slisíní go garbh.

Gearr-an-caineann-scailliún-agus-soilire.gif

4. Bain craiceann an sinséir agus gearr go garbh é. Nod: Bain úsáid as taespúnóg leis an gcraiceann a bhaint den sinséar.

Sinéir.gif

5. Déan an ola a théamh ar mheánteocht i bpota mór. Caith isteach na glasraí ar fad, seachas na prátaí milse, i dteannta leis an salann agus corraigh go maith iad le go mbeidh siad clúdaithe le hola. Cuir claibín ar an bpota agus fág ar bogadh iad ar feadh 10 nóiméad, á gcorradh ó am go chéile le nach ndófar iad.

friochaigh-an-bun.gif

6. Bain craiceann na bprátaí milse agus gearr iad ina gciúbaí. Is é is lú a ghearann tú iad is é is tapúla a chócarálfaidh siad. Caith isteach sa phota iad leis na glasraí eile agus corraigh go maith le chéile iad.

Pratai-Milse.gif

7. Isteach ar bharr na nglasraí, doirt an dá channa bainne cnó cócó agus lítear uisce fhiuchta. Corraigh gach rud thart go maith. Cuir claibín ar an bpota arís agus fág ag fiuchadh é ar feadh 20 nóiméad nó mar sin.

cuir-isteach-na-leachtanna.gif

8. Beidh an t-anraith cócaráilte nuair a bheidh na prátaí milse éasca le briseadh in aghaidh thaobh an phota le spúnóg. Ag baint úsáid as cumascóir láimhe, déan an t-anraith ar fad a chumasc go dtí go mbeidh leacht deas mín agat.

Cumasc-an-anraith.gif