Burgar Puimcín Imchnó agus Pónairí Cannellini le Slá Corcra agus Sceallóga Tiubha

Tá roinnt oibre i gceist leis an oideas seo, ach is fiú go mór é. Tá sé sláintiúil, séasúrach, veigeánach, sách saor agus iontach blasta.

Is féidir na burgair agus an slá a choinneáil ar feadh cúpla lá sa chuisneoir.

Dóthain do: 6

Am: 1 uair 15 nóim

Comhábhair
1 Puimcín Imchnó
1 Canna 400g Pónairí Cannellini
2 Taespúnóg Paprika
2 Taespúnóg Coriander Meilte
2 Taespúnóg Cumin Meilte
6 Taespúnóg Salainn
2 Taespúnóg Piobair
200ml Ola Olóige
6 Borróg Brioche
1/4 Cabáiste Dearg
2 Cairéad
1 Oinniún Dearg
1 Bíotas Dearg
1 Sillí Dearg
1 Liomóid (don sú amháin)
Dornán Coriander Úr
6 Práta (Tá roosters go deas le haghaidh sceallóg)
200g Plúr Bán
200g Grabhóga Aráin
200ml Bainne Almóinne

Fearas
Scian Ghéar
Pota ar mheánmhéid
Friochtán
Grátálaí
Babhla mór measctha
Síothlán
Scamhaire
3 Babhla Beag
 

1. Téigh an t-oigheann go dtí 220°C agus cuir pota ar mheánmhéid, leathlíonta le huisce, ag fiuchadh.

2. Bain an craiceann den phuimcín imchnó, gearr ina dhá leath é agus bain amach na síolta i lár báire le spúnóg.

baincraiceannanpuimcin.gif

3. Gearr an puimcín ina chiúbaí 1 cm agus cuir isteach i mbabhla mór measctha iad.

Gearranpuimcin.gif

4. I mbabhla beag, measc le chéile 100ml ola olóige, 2 thaespúnóg cumin, 2 thaespúnóg coriander meilte, 2 thaespúnóg paprika, 2 thaespúnóg salainn agus 1 taespúnóg piobair. Doirt thairis an bpuimcín imchnó é agus déan é a chorradh le cinntiú go bhfuil gach píosa clúdaithe leis. Cuir san oigheann é ar feadh 20-30 nóiméad.

cuirolalespriosraiaranbpuimcin.gif

5. Gearr na prátaí ina sceallóga tiubha, thart ar 1 cm ar leithead. Cuir i bpota uisce fiuchta iad agus scaoil leo cócaireáil ar feadh 15 nóiméad nó go dtí go mbeidh siad bog ach gan a bheith ag briseadh as a chéile sa phota.

Gearrnascealóg.gif

6. Bain craiceann na gcairéad, sraith sheachtrach an chabáiste, craiceann an bhiatais agus craiceann an oinniúin agus déan iad a ghrátáil.

Grátáilanslá.gif

7. Bain síolta an tsillí agus gearr go mion é.

gearransilí.gif

8. Gearr dornán beag coriander go mion.

Gearrancoriander.gif

9. Cuir le chéile an cairéad, an cabáiste, an biatas, an t-oinniún, an sillí agus leath an coriander i mbabhla mór. Caith isteach an sú liomóide, 2 thaespúnóg salainn agus taespúnóg piobair. Measc le chéile an rud ar fad agus cuir sa chuisneoir é.

Measc-an-slá.gif

10. Cuir na sceallóga i mbabhla mór. Doirt 50ml ola tharstu agus scaip taespúnóg salainn tharstu. Scaip amach ar thráidire bácála iad agus scaip taespúnóg eile salainn orthu. Cuir san oigheann iad ar feadh 40 nóiméad, á gcreathadh ó am go chéile, go dtí go mbeidh dath órdhonn ag teacht orthu.

ullmhaigh-na-scealóga-don-oigheann.gif

11. Cuir na pónairí cannellini isteach i síothlán agus nigh faoi uisce fuar iad faoin sconna. Cuir isteach i mbabhla iad leis an bpuimcín rósta fuaraithe agus leath eile an coriander ghearrtha agus déan iad a bhrú.

brúighmeascannaburgair.gif

12. Déan 6 bhurgar as an meascán (thart ar 150g an ceann). Cuir sa chuisneoir iad ar feadh 10 nóiméad le táthú.

Déan-na-burgair.gif

13. Leag amach 3 bhabhla ar an gcuntar. Cuir plúr i gceann amháin, bainne almóinne sa dara ceann agus grabhróga aráin sa cheann eile. Ceann ar cheann, go cúramach, clúdaigh na burgair le plúr, ansin bainne almóinne agus ansin grabhróga; cinntigh go bhfuil clúdach cothrom agus éadrom orthu ar fad.

pané-na-burgair.gif

14. Cuir thart ar 50 ml ola isteach i bhfriochtán ar ardteocht. Cuir isteach na burgair agus déan iad a fhriochadh ar feadh 3 nóiméad, gan iad a chorradh. Cas bun os cionn iad, go cúramach, agus friochaigh iad ar feadh 3 nóiméad eile. Bain den fhriochtán iad agus críochnaigh san oigheann iad ar feadh 5 nóiméad.

Friochaigh-na-burgair.gif