Anraith Simplí Glasraí

Tá an geimhreadh ag teacht! Seo anraith clasaiceach glasraí atá éasca le déanamh agus iontach le tú a théamh am lóin agus é fuar lasmuigh.

Is iontach an bealach é anraith le go leor glasraí a ithe sa gheimhreadh. Is féidir pota mór a dhéanamh agus é a choinneáil sa chuisneoir ar feadh cúpla lá nó é a reo.

Dóthain do: 8-10

Am: 45 nóim

Comhábhair
4 Práta
4 Cairéad
1.5 Caineann
1 Beart Soilire
3 Ionga Gairleoige
2 Oinniún
Ola Olóige
10g Salainn
2L Uisce Fiuchta

Fearas
Scian Ghéar
Pota Mór le Claibín
Cumascóir Láimhe
Spúnóg Adhmaid

1. Bain craiceann na n-oinniún agus gearr iad go mion.

gearr-na-hoiniuin.gif

2. Bain craiceann na gcairéad agus gearr ina gciúbaí leathcheintiméadair iad.

Ullmhaigh-na-cairéid.gif

3. Bain craiceann na gairleoige agus gearr go mion í.

Ullmhaigh-an-gairleog.gif

4. Bain bun agus barr an tsoilire agus gearr ina shlisíní leathcheintiméadair é.

Gearr-an-soilire.gif

5. Oscail amach céadsraith na cainninne. Is minic a bhíonn roinnt salachair istigh ar barr. Glan amach seo faoin sconna agus féach an bhfuil salachar ar bith eile fágtha sna sraitheanna eile. Glan láib ar bith de sula mbainfidh tú úsáid as.

Seicéal-an-caineann.gif

6. Bain bun agus barr na cainninne agus gearr í ina slísíní leathcheintiméadair.

Gearr-an-caineann.gif

7. Bain craiceann na bprátaí agus gearr ina slisíní leathcheintiméadair iad.

ullmhaigh-na-prátaí.gif

8. Ar mheánteocht, téigh an ola olóige sa phota. Caith isteach na hoinniúin, an ghairleog, an chainneann, an soilire agus an salainn agus cuir an claibín air. Déan é a bhogadh mar seo ar feadh 10 nóiméad, á chorradh ó am go chéile le cinntiú nach ndóifidh sé.

Friochaigh-an-bun.gif

9. Cuir isteach na prátaí agus na cairéid agus doirt isteach tharstu an t-uisce fiuchta. Measc le chéile an rud ar fad agus fág ag cócaráil é ar feadh timpeall 20 nóiméad go dtí go mbeidh tú in ann cairéad a bhriseadh go héasca in aghaidh thaobh an phota leis an spúnóg adhmaid.

Fiuchaigh-an-anraith.gif

10. Déan gach a bhfuil sa phota a chumasc leis an gcumascóir láimhe.

Cumasc-an-anraith.gif