Cos Uaineola Rósta le Prátaí Dauphinoise agus Lus Súch Scallaithe

Tá an t-earrach linn. Beidh fáil againn ar go leor comhábhar úra, glasa, gan mhoill. Seo oideas deas don tréimhse seo den bhliain agus tá sé go hálainn le haghaidh dínnéar mór le slua daoine a thabhairt le chéile.

Is minic a bhíonn faitíos ar dhaoine roimh an rósta mór, ach seo oideas an-simplí agus an-bhlasta.

Dóthain do: 6-8

Am Ullmhúcháin: 30 nóiméad
Am Cócaireála: 25 nóiméad in aghaidh gach 500g uaineola, 60-75 nóimeád don dauphinoise.

Comhábhair
Cos Uaineola (2 - 2.5kg)
10 Ionga Gairleoige
1.2kg Prátaí
450ml Uachtar Dúbailte
Beart Beag Maróis
20-30 Péacán Lus Súch
Ola Olóige
Salann agus Piobar
Spúnóg Boird Fínéagar Balsamach

Fearas
Scian bheag ghéar
Pota ar mheán-mhéid
Friochtán Gridill
Brúiteoir Gairleoige
Babhla Mór Measctha
Scragall Stáin
Trádaire Bácála
Mias Bhácála (timpeall 30cm ar fad, 15cm ar leithead agus 3cm domhain.)
 

1. Téigh an oigheann go 190°C.

2. Bain craiceann na n-iongaí gairleoige ar fad. Gearr 4-5 cinn acu ina dhá leath.

ullmhaigh-an-gairleog-don-uaineoil.gif

3. Leag an chos uaineola síos ar thrádaire bácála atá clúdaithe le scragall stáin. Doirt braon maith ola thairis agus cuimil thart timpeall ar an gcos ar fad é de láimh. Ag baint úsáid as scian bheag ghéar, cuir 8-10 bpoll sa chuid is feolaí den chos. Isteach sna poill ar fad, cuir leath-ionga gairleoige agus craobhóg bheag mharóis. Cuir san oigheann é mar sin ar feadh 30 nóiméad. Bain amach ansin é, clúdaigh le scragall stáin é agus cuir ar ais é don chuid eile den tréimhse róstála mar atá luaite thuas.

ullmhaighanuaineoil.gif

3. Bain craiceann na bprátaí agus gearr iad ina slisíní an-tanaí (thart ar 1mm ar tiubhas.) Cuir isteach i mbabhla mór measctha iad agus clúdaigh le huisce iad. Bainfidh sé seo amach cuid den stailc.

Ullmhaigh-na-prátaí.gif

4. Déan iongaí eile na gairleoige a bhrú leis an mbrúiteoir gairleoige. (Is féidir forc a úsáid ach an oiread.)

Brúigh-an-ghairleog.gif

5. I mias bheag, measc le chéile an t-uachtar, an ghairleog bhrúite, beagáinín salainn agus piobair. Doirt isteach ar bharr na bprátaí é agus measc le chéile go maith iad.

Measc-na-prátaí.gif

6. Doirt na prátaí isteach sa mhias bhácála agus déan cinnte go dtugann tú an t-uachtar ar fad leo. Ba cheart go dtiocfadh an leacht suas chomh fada leis an tsraith bhairr ach níor cheart go mbeidís thíos faoi. Cuir san oigheann é ar feadh 60-75 nóiméad.

Bácáil-na-Prátaí.gif

7. Bain an cuid crua de bhun na bpéacán lus súch.

Ullmhaigh-an-Asparagus.gif

8. Cuir pota le thart ar 2cm uisce ag fiuchadh. Cuir isteach sa phota na péacáin lus súch agus scaoil leo fiuchadh/galú ar feadh 3 nóiméad. Bain amach ansin iad agus cuir isteach in uisce fuar iad láithreach leis an gcócaireáil a stopadh go dtí go mbeidh na codanna eile den bhéile beagnach réidh.

Fiuchaigh-na-asparagus.gif

9. Bain amach an chos uaineola agus cinntigh go bhfuil sé cócaireáilte tríd. Cuir forc gearrtha nó sá isteach sa chuid is tibhe. Níor cheart go mbeadh dath dearg ar bith ar an leacht a thiocfaidh amach. Má tá sé réidh, dún an scragall stáin arís agus cuir tuáille thairis.

Seiceáil-an-uaineoil.gif

10. Bain amach an dauphinoise agus cinntigh go bhfuil sé cócaireáilte tríd. Ba cheart go mbeadh na prátaí breá bog i lár báire agus donn-óir agus brioscánach in áiteanna ar bharr (féach thuas). Más maith leat go mbeidís beagáinín níos brioscánaí fós, is féidir iad a chríochnú faoin ngríoscán.

11. Cuir friochtán gridill ag téamh ar theocht ard le braoinín beag ola. Nuair a bheidh sé an-te, leag na péacáin lus súch síos air agus déan iad a scalladh ar feadh 2-3 nóiméad. Cas iad agus déan an rud céanna ar an taobh eile. Bain den fhriochtán iad, doirt spúnóg boird d'fhínéagar balsamach tharstu agus tabhair chun boird iad láithreach i dteannta leis na prátaí agus leis an uaineoil.

Scallaigh-an-asparagus.gif