Saltimbocca Muiceola le Spionáiste agus Cnónna Péine agus Mionphrátaí

Seo oideas a d'fhoghlaim mé blianta ó shin agus atá athraithe beaga déanta agam air i gcaitheamh na blianta. Tá sé iontach simplí ach bíonn cuma snasta air ar an bpláta sa deireadh. Is é an brí atá le Saltimbocca ná 'Léimeann sé sa bhéal'.

Dóthain do: 4

Méid ama: 30 nóiméad

Comhábhair
4 gríscín muiceola (tá an muinéal níos fearr fós, ach ná bí buartha mura féidir leat teacht air)
8 slisín prosciutto (más mian leat cúpla pingin a shábháil, bain úsáid as slisíní bagúin)
80g Ruachán
Salainn Úr-Meillte
Ola Olóige
800g Mionphrátaí (prátaí sailéid)
250g Spionáiste
25g Cnónna Péine (arís más mian leat airgid a shábháil, is féidir síolta lus na gréine a úsáid anseo)
50g Ime
20g Peirsle Úr

Fearas
Scannán Cumhdaithe
Clár Gearrtha
Pan Friochta
Trádaire Beag Bácála
Pota ar Mheánmhéid
Spúnóg Adhmaid

MO
1. Téigh an oigheann go dtí 180°C. Leath-líon an pota le huisce agus cuir ar an teas é le fiuchadh.

2. Ar chlár gearrtha, leag amach ceann de na gríscíní muiceola. Clúdaigh le scannán cumhdaithe an gríscín agus an clár féin. Ansin, le do bhos nó le huirlis leathan trom eile (úsáidim crann fuinte), buail leat an gríscín go dtí go mbeidh sé dhá oiread chomh leathan agus chomh tanaí is a bhí nuair a thosaigh tú. Bain an craiceann de le nach mbeidh fágtha agat ach an príomhphiosa feola. Déan seo leo ar fad.

Buail_an_griscin.gif

3. Ar an gclár gearrtha, leag amach gríscín muiceola amháin. Beir greim ar dhornáin ruachána agus cruinnigh le chéile é i do dhorn. Cuir i lár an ghríscín é agus scaip salainn meilte tharais. Rollaigh an rud ar fad suas timpeall ar an ruachán. Clúdaigh an rolla seo tríd dhá shlisín prosciutto a chur timpeall air. Déan seo do gach ceann de na gríscíní.

rollaigh-an-saltimbocca.gif

4. Ar fhriochtán te, i mbeagáinín íle, friochaigh na beartán feola seo go dtí go mbeidh siad donnaithe ar gach taobh, cosúil le hispíní. Bain den fhriocthán iad agus cuir ar thrádaire iad san oigheann ar feadh 15 nóiméad le cinntiú go mbeidh siad cócaireáilte síos tríothu.

FriochaighnaSaltimboccas.gif

5. Nuair atá na beartán san oigheann, cuir na prátaí isteach in uisce fiuchta ar feadh 15-18 nóiméad. Nuair a bheidh siad réidh (gur féidir scian a chur tríothu go furasta, ach gan iad a bheith ag titim as a chéile) bain amach an t-uisce agus fág sa phota iad gan chlaibín. Caith 20g ime, agus an peirsle, gearrtha go mion, isteach leis na prátaí. Clúdaigh an pota, agus creathaigh timpeall go garbh iad istigh (Bain an claibín arís nó leanfaidh siad orthu ag cócaireáil sa ghal).

fiuchaigh-na-pratai.gif

6. I bhfriochtán glan, ar theocht ard, tóstáil na cnónna péine ar feadh 30 soicind nó mar sin. Ansin, cuir isteach agus leáigh 30g ime san fhriochtán leo. Ná scaoil leis dó. Caith isteach an spionáiste ar fad agus brúigh síos go cúramach é le spúnóg adhmaid. Bí cinnte na cnónna a thabhairt suas tríd an spionáiste féin nó dófaidh siad ar an bhfriochtán thíos faoi. Sleabhcfaidh an spionáiste taobh istigh de nóiméad nó dhó. Bain den teas é, láithreach.

friochaigh-an-spionaiste.gif

7. Gearr na saltimbocca ina bhfáinní beaga. Beidh dealramh acu le sushi. Leag amach ar an bpláta mar is mian leat é.

Gearr-na-griscini.gif