Toirtín Úll agus Sméara Dubha

Ag an am seo den bhliain, bíonn an oiread sin torthaí aibí agus is iontach an tréimhse é le húsáid a bhaint as úlla cócaireachta agus sméara dubha.

Bhí faitíos orm roimh thoirtín úll a dhéanamh ó a bhí mé sna déaga. Bhí mo lámha ró-the don taosrán agus rinne mé dearmad siúcra a chur ar na húlla le linn scrúdú eacnamaíochta baile an teastas sóisearaigh. Tá mé imithe i dtaithí air ó shin, agus is aoibheann liom anois iad. Ní bhualfadh an diabhal taosrán úr, torthaí milse agus beagáinín uachtair buailte.

Dóthain do: 8

Méid ama: 1 uair

Comhábhair
225g Gnáth-phlúr Bán (agus níos mó le hoibriú leis)
125g Ime, gearrtha ina ciúbaí 1cm (mura bhfuil scian taosráin agat, is féidir é a ghrátáil ach oiread)
2 Buíochán Uibhe
4 nó 5 Úll Cócaireachta (800g)
Dornán Sméara Dubha
100g Siúcra Mín
50ml bainne

Fearas
Stán Píog 20cm (idir 1 agus 2 cm domhain)
Scian
Crann Fuinte
Scuab Taosráin
Criathar
Babhla Mór Measctha
 

1. Cuir an oigheann ag téamh go dtí 190°C.

2. Criathraigh an plúr isteach i mbabhla. Nod: Buail an criathar in aghaidh do bhos tharais an babhla.

criathraigh-an-plur.gif

3. Gearr isteach an t-im tríd an plúr. Ag an deireadh is féidir é a chuimilt isteach beagáinín le do mhéara ach déan iarracht gan iomarca teasa a chur isteach ann ó do lámha nó beidh an taosrán an-ghréiseach.

gearr-isteach-an-tim.gif

4. Scag an buíochán uibhe ón ngealachán. (Nod: tá go leor bealaí leis seo a dhéanamh, seo díreach modh amháin atá an-fhurasta). Cuir na buíocháin uibhe agus 3 nó 4 spúnóg boird d'uisce fuar isteach sa bhabhla,

Scag-amach-an-buíochán-uibhe.gif

5. Tabhair le chéile an taosrán le do lámha. Clúdaigh an babhla le scannán cumhdaigh agus cuir sa chuisneoir é ar feadh leathuair an chloig ar a laghad.

tabhair-le-cheile-an-tasoran.gif

6. An fhad agus atá an taosrán ag fuarú, bain craiceann agus cór na n-úll. (Mura bhfuil gléas agat leis an cór a bhaint, ná bí buartha, díreach gearr timpeall air.

Bain-craiceann-agus-lar-na-null.gif

7. Gearr na húlla ina slísíní leath-cheintiméadar. Cuir i mbabhla iad leis na sméara dubha, scaip an siúcra mín orthu láithreach agus cuir i leataobh iad.

Gearr-na-húlla.gif

8. Gréisigh an stán. (Choinníomar féin páipéar ime sa bhaile i gcónaí, atá an-áisiúil dó seo, ach is féidir díreach beagáinín ime a úsáid cibé.)

greisigh-an-stan.gif

9. Cuir beagáinín plúir amach ar dhromchla mór glan agus ar an ar an gcrann fuinte féin. (Is maith liom féin marmar a úsáid leis an taos a choinneáil fuar, ach ní gá).

cuir-plúr-ar-an-dromchla-agus-ar-an-gcrann-fuinte.gif

10. Gearr 60% den taosrán den phríomhphíosa. Rollaigh amach é le go mbeidh sé ar a laghad 3cm níos leithne ná an stán féin.

Rollaigh_an_taosran.gif

11. Pioc suas an taosrán tríd é a chrochadh thar an crann fuinte agus leag síos go scaoilte é thar an stán. Bain an teannas ag na himill le go luífidh sé isteach sa stán agus déan cinnte go dtéann sé isteach sna cúinní.

Cuir-isteach-an-taosrán-bun.gif

12. Líon an stán leis na húlla agus cuir isteach na sméara dubha ar a mbarr, scaipthe go cothrom.

cuir-isteach-na-torthai.gif

13. Le forc, téigh timpeall ar imeall an taosráin agus cuir rian ar an rud ar fad. Ag baint úsáide as an scuab taosráin, fliuchaigh an imeall beagáinín le bainne.

cuirmarcagussnasaranimeall.gif

14. Rollaigh amach an cuid eile den taosrán agus croch thar barr an phíog é ag baint úsáide arís as an gcrann fuinte.

cludaigh-an-piog.gif

15. Ceangal ag an imeall é tríd dul timpeall air le forc arís, cuir poill ar a bharr agus cuir snas air leis an scuab taosráin le beagáinín bainne.

dun-agus-cur-snas-ar-an-gcludach.gif

16. Bain fuíollach an taosráin tríd scian a rith timpeall ar imeall an stáin.

bain-an-taosran-breise.gif

17. Is féidir an taosrán breise seo a úsáid leis an bpíog a mhaisiú más mian leat. Rinne mise úll beag as.

maisiu.gif

17. Cuir san oigheann é ar feadh 25-35 nóiméad go dtí go mbeidh sé donn-ór ar bharr.

bacail.gif