Scónaí Torthaí Traidisiúnta

Ba é ceann de na chéad rudaí a d'fhoghlaim mé le bácáil agus mé óg ná scónaí. Tádar simplí agus blasta agus is álainn an rud é an teach a líonadh le boladh na bácála. Tar éis nodanna a fháil ó go leor daoine éagsúla i gcaitheamh na mblianta, seo a leanas an t-oideas.

Méid ama: 40 nóim

Líon: 12 scóna

Comhábhair:
700g Plúr Éiritheach
180g Im
150g Siúcra
2 Ubh (ceann sa mheascán agus ceann don bhealú)
350ml Bláthach
100g Rísíní

Fearas:
Babhla Mór Measctha
Babhla beag nó cupán
Trádaire Mór Bácála (an ceann is mó ar féidir é a chur isteach san oigheann)
Gearrthóir Scónaí (nó ciorcal ar bith atá timpeall 7cm ar leithead agus 3cm domhain)
Páipéar Bácála
Scuab Bhealaithe
Trádaire Sreinge (mura bhfuil ceann agat déanfaidh seilf as an oigheann cúis a fhad agus atá sí glan agus fuar).

1. Téigh an t-oigheann go dtí 180°C agus línigh an trádaire bácála le páipéar bácála. Cuir na cómhabhair thirime ar fad le chéile sa bhabhla measctha agus cuir an t-im isteach leo. Má tá an t-im fuar ón gcuisneoir, fág ar feadh cúpla nóiméad é le teacht chuig teocht an tseomra.

2. Ag baint úsáid as do chuid lámh, cuimil an t-im le chéile leis na comhábhair thirime eile le do mhéara agus d'ordóga go dtí go mbeidh an meascán ar fad cosúil le gaineamh buí. Tógfaidh sé seo cúpla nóiméad. Níor chóir go mbeadh aon phíosa mór ime fágtha gan meascadh.

3. I gcrúiscín tomhaiste, measc ubh amháin isteach leis an mbláthach. Déan tobar beag i lár an mheascáin agus doirt isteach gach a bhfuil sa chrúiscín.

4. Le lámh amháin ar an mbabhla, bain úsáid as an lámh eile leis an meascán ar fad a thabhairt le chéile. (Is féidir an obair seo ar fad a dhéanamh le meascóir, ach is maith liom féin mo chuid lámh a úsáid.)

Tábhachtach: A luaithe agus a thiocfaidh an meascán ar fad le chéile, éirigh as an meascadh. Is é is mó a mheascfaidh tú ina dhiaidh sin é, is é is lú aer a bheidh fágtha i do chuid scónaí, rud a dhéanfaidh trom iad seachas deas éadrom.

5. Seo an uair a bheidh sé úsáideach an lámh chlé a bheith coinnithe glan. Caith dornán beag plúir amach ar dhromchla glan. Leag an meascán amach air agus scaip amach go bog é go dtí go mbeidh sé thart ar 3cm tiubh.

6. Cuir plúr ar an ngearrthóir scónaí agus gearr amach oiread ciorcail iomlána agus is féidir gan athrolláil a dhéanamh ar an taoscán. Ansin, gan iomarca oibre a dhéanamh leis, tabhair le chéile arís é agus gearr amach tuilleadh ciorcal. Ba cheart go bhfaighfeá thart ar 12 scóna. Ná bí buartha mé tá tú gann nó má tá an iomarca agat. Leag amach iad ar an trádaire líneáilte, ag déanamh cinnte de nach bhfuileadar róghar dá chéile.

Gearradh-na-scónaí.gif

7. I mbabhla beag nó cupán, corraigh an dara hubh timpeall go maith. Le scuab bhealaithe, cuir snas ar gach scóna.

snas-uibhe.gif

8. Cuir i lár an oighinn an trádaire ar feadh 12-15 nóiméad. Coinnigh súil ar na scónaí. Beidh siad réidh nuair a thiocfaidh dath donn-óir ar a mbarr.

bacail-sconai-ga.gif

9. Bain amach as an oigheann iad agus leag amach ar thrádaire sreinge iad le fuarú.

Leag-amach-na-sconai.gif

(Nó má tá tú chomh mífhoighneach liomsa, gearr ceann láithreach agus cuir im ag leá air agus é fós te!)

cuir-im-ar-na-sconai.gif