Anlann Trátaí Simplí
Is iontach an t-oideas é seo le bheith ar do thoil agat. Tá sé gasta, blasta agus saor. Is féidir é a ithe mar atá, silí a chur leis le hanlann arrabbiata a dhéanamh, mairteoil a chur leis le bolognese a dhéanamh, é a chur isteach in Lasagna agus go leor eile.
De bharr go bhfuil sé cumasctha, is bealach éifeachtach é freisin le páistí a chur ag ithe rudaí maithe i ngan fhios dóibh féin.
Dóthain do: 4
Méid ama: 30-40 nóiméad
Comhábhair
3 x Canna 400g de Thrátaí Gearrtha
2 Oinniún (meánmhéid)
2 Ionga Gairleoige
15g Basal Úr
2 Thaespúnóg Salainn
2 Thaespúnóg Siúcra
Leath-thaespúnóg Piobair
50ml Ola Olóige
Fearas
Pota Mór
Spúnóg Adhmaid
Scian Ghéar
Cumascóir Láimhe
MO
1. Gearr na hoinniúin go mion (ní gá iad a bheith róbheag, beidh siad á gcumasc ar ball).
2. Gearr an ghairleog go mion (ní gá go mbeadh na píosaí róbheag, beidh siad á gcumasc ar ball).
3. Gearr an basal go mion (ní gá go mbeadh na píosaí róbheag, beidh siad á gcumasc ar ball).
4. Ar mheánteocht, san ola olóige, friochaigh na hoinniúin ar feadh thart ar 5 nóiméad. Is fearr an salann a chur isteach ag an bpointe seo le cuid den leacht a thabhairt amach as na hoinniúin. Ansin, cuir isteach an ghairleog agus friochaigh í ar feadh 2 nóiméad eile, á corradh an t-am ar fad.
5. Cuir isteach na trátaí, an basal, an piobar agus an siúcra. Fág seo ag suanbhruith ar feadh 20 nóiméad, á chorradh go rialta.
6. Déan gach a bhfuil sa phota a chumasc ag baint úsáid as an gcumascóir láimhe. (Má tá do phota an-mhór, seans go mbeidh ort é a ardú ar thaobh amháin leis an leacht a dhéanamh domhain go leor le go mbeidh an cumascóir in ann é a chur ag bogadh.)
7. Blais an t-anlann. Má cheapann tú go bhfuil níos mó salainn nó siúcra de dhíth, cuir isteach ann é.
Nóta sa bhreis: Is minic a dhéanaim an t-oideas seo sa bhaile má bhíonn páistí ag ithe agus cuirim liathróidí muiceola leis. Tádar iontach simplí. As 500g déan 12 liathróid nó mar sin. Cuir san oigheann iad ar thrádaire gréisithe ar feadh 25-30 nóiméad agus caith isteach san anlann iad nuair a bheidh siad iomlán cócaireáilte.