Paella Sicín agus Chorizo

Tá mé cinnte go mbeidh daoine ann a déarfaidh nach paella ceart é seo ach níl aon amhras orm ach gur iontach an t-oideas é le bheith ar do thoil agat. Tá sé simplí go maith, an-bhlasta agus an-éasca a mhéadú, más gá, le haghaidh slua mór daoine. Agus cónaí orm i mBaile Átha Cliath, dhéanainn é gach uair a thiocfadh scata cairde le fanacht liom agus oíche mhór romhainn.

Tá an t-oideas seo á úsáid agam le blianta fada. D'aimsigh mé an chéad lá é ar shuíomh bia an BBC agus cé go bhfuil mo chur chuige féin agam faoin tráth seo tá mé fós an-bhuíoch gur ann don acmhainn iontach sin, bbc.co.uk/food!

Méid ama: Uair agus ceathrú

Dóthain do: 5

Comhábhair
60ml Ola Olóige
8 bPíosa Sicín (cosa nó ceathrúna nó meascán den dá rud)
200g Ispín Chorizo (ná bain úsáid as na cinn atá gearrtha go tanaí cheana)
1 Oinniún Mór nó 2 Oinniún Bheaga
2 Phiobar Dhearga
2 Phiobar Sillí Dhearga
3 Ionga Gairleoige
2 Thaespúnóg Paprika
1.5L Stoc Sicín
400g Rís Paella (nó risotto nó arborio)
150g Cloicheáin gan Sliogán
1 Liomóid
Dornán Peirsle mar Mhaisiú

Fearas
Pota mór (thart ar 6L)
Scian Ghéar
Clár Gearrtha
Spúnóg Mhór Adhmaid
Crúiscín Tomhaiste Teasdhíonach 1.5L

MO
1. Gearr an t-oinniúin go mion. (Bí cúramach leis an scian. Níor cheart go mbeadh ort mórán brú a chur uirthi leis na chéad ghearrthacha. B'fhearr í a shleamhnú seachas í a bhrú i dtreo do mhéir.)

gearranoiniuin.gif

2. Gearr na piobairí ina slisíní. (Is fearr liomsa an chuma agus an uigeacht a bhíonn ar phiobairí mar seo.)

Gearr-na-Piobair.gif

3. Bain amach síolta an phiobair sillí agus gearr go mion é. (Má tá lámha goilliúnacha agat, is féidir lámhainní a chaitheamh don chuid seo.)

gearr-an-cilli.gif

4. Brúigh an ghairleog. (Ná bí buartha mura bhfuil brúiteoir gairleoige agat, déanfaidh forc cúis.)

bruigh-an-gairleog.gif

5. Gearr an chorizo suas ina chiúbaí 0.5cm nó mar sin.

gearranchorizo.gif

6. Sa phota mór, ar mheánteocht, i mbraon deas ola, déan an sicín a dhonnú. Bí cinnte é a choinneáil ag bogadh le gearradh siar ar an méid a ghreamóidh sé don phota (Bain úsáid as an spúnóg adhmaid le rud ar bith a ghreamóidh do bhun an phota a bhaint). Tógfaidh sé seo idir 5 agus 10 nóiméad. Nuair a bheidh sé déanta agat, bain an sicín den phota agus cuir i leataobh é.

friochaighansicinEN.gif

7. Cuir braoinín eile ola sa phota agus friochaigh an chorizo ann ar feadh timpeall 3 nóiméad. Scaoilfidh an chorizo amach cuid den ola álainn atá istigh a chuirfidh go mór le blas na méise.

friochaigh-an-chorizo.gif

8. Cuir isteach an t-oinniún agus déan é a fhriochadh ar feadh timpeall 3 nóiméad eile. (Tarlóidh rud éigin draíochtúil ag an bpointe seo agus tiocfaidh sicín agus chorizo ar bith a bheidh greamaithe do bhun an phota de nuair a rachaidh an t-oinniún isteach leo.)

Friochaigh-an-oiniun.gif

9. Cuir isteach an ghairleog agus déan í a fhriochadh ar feadh timpeall 2 nóiméad eile, á corradh an t-am ar fad.

10. Cuir isteach na piobairí dearga, na piobairí sillí agus an paprika. Corraigh gach rud go maith.

11. Cuir ar ais isteach an sicín agus doirt isteach an stoc ar fad. Fág seo ag suanbhruith ar feadh 20 nóiméad nó mar sin.

12. Cuir isteach an rís paella agus clúdaigh an pota. Coiméad an mhias ag suanbhruith ar feadh timpeall 20 nóiméad eile, á corradh go rialta, go dtí go mbeidh an stoc ar fad súite ag an rís. Timpeall 10 nóiméad sula mbíonn sé réidh, caith isteach na cloicheáin.

cuir-rís-agus-cloicheáin-isteach.gif

13. Gearr peirsle go mion le cur ar a bharr.

gearr-an-peirsle.gif

14. Scaip beagáinín peirsle thairis agus cuir slisín liomóide ar imeall an phláta agus é a roinnt amach agat.

roinn-amach-an-paella.gif