MO

View Original

Spúinse Samhraidh

Tá an samhradh linn. Tá sméara áille úra le fáil anois chomh maith le go leor plandaí eile a bheith faoi bhláth. Is breá linn sa chaifé an deis a thapú rudaí a úsáid agus iad díreach in séasúr, mar sin, am iontach is ea é d’ár spúinse samhraidh.

Comhábhair

(le haghaidh 2 x stáin 20cm, cinn bhunscaoilte más féidir)
225g im bhog (fágtha ag teocht an seomra thar oíche)
225g siúcra mín
4 ubh
225g plúr geal
4tsp púdar bácála

2tbsp coirdial bláthanna troim

100ml uachtar, buailte go righin
100g subh sú chraobh
siúcra reoáin
12 sú craobh


Dóthain do 8

MO

  1. Téigh an oigheann go dtí 170C. Líneáil agus gréisigh 2 stáin 8cm.

  2. I mbabhla an mheascóir (nó le spúnóg adhmad i mbabla measctha), buail an t-im ag luas ard go dtí go mbeidh dath níos gile air agus é deas bog.

  3. Doirt isteach an siúcra de réir a chéile agus buail leat go dtí go mbeidh sé measctha go maith, deas geal agus uigeacht aige cosúil le huachtar aghaidhe.

  4. Cas síos luas an mheascóra agus isteach leis cuir na huibheacha, ceann i ndiaidh a chéile, ag déanamh cinnte de go bhfuilid measctha le chéile i gceart sula gcuirfidh tú an chéad cheann eile isteach.

  5. Bain an babhla den mheascóir agus criathraigh isteach an plúr agus an púdar bácála. Tabhair gach rud le chéile ag baint úsáide as spadal.

  6. Scaip an mheascán go cothrom idir an dá stán. Déan cinnte de go bhfuil sé scaipthe go réidh. Isteach leo san oigheann ar feadh 20-22 nóiméad go dtí go mbeidh siad ag tarraingt isteach ó thaobhanna an stáin agus dath deas donn-óir orthu. Ba chóir go dtiocfadh scian amach astu glan.

  7. Measc an 2tbsp coirdial bláthanna troim le 2tbsp uisce. Nuair an bheidh na cácaí bácáilte agus fós te, bain úsáid as sá agus cuir go leor poll iontu. Doirt an coirdial os a chionn agus cuir i leataobh iad e fuarú ar feadh 10 nóiméad. Ansin bain amach as na stáin iad agus scaoil leo fuarú go hiomlán ar ghreille fuaraithe.

  8. Nuair a. bheidh siad fuar, scaip an subh ar bharr ceann amháin acu (má tá sé an tiubh, scaoil amach é le braoinín uisce fuar). Scaip an uachtar buailte ar a bharr. Leag an dara cháca ar bharr na suibhe. Dustáil le siúcra reoáin é agus maisin leis na sútha craobh é.