MO

View Original

Bealach nua le siopadóireacht na seachtaine a dhéanamh

Cuirfear tús le margadh feirme nua ar líne i gConamara an tseachtain seo. NeighbourFood an t-ainm atá ar an mbealach nuálaíoch seo le siopadóireacht na seachtaine a dhéanamh, agus cruthaíonn sé nasc idir táirgeoirí áitiúla agus pobal an cheantair. Reáchtálfar an margadh seo gach seachtain ar an Tulach i mBaile na hAbhann, béal dorais le TG4.

“Is bealach thar a bheith éasca é NeighbourFood le scoth an bhia a fháil agus le tacú le gnónna beaga thart timpeall ort féin,” a deir an cócaire Diarmuid Ó Mathúna, a bheidh ag reáchtáil an mhargaidh. “Gach seachtain beidh deis ag baill an mhargaidh ordú a chur isteach ar neighbourfood.ie agus ansin beidh siad in ann ciseán lán rudaí áille áitiúla a bhailiú gach Céadaoin.”

I measc an réimse leathan táirgí a bheidh le fáil ó NeighbourFood na Tulaí beidh glasraí agus sailéid áille ón nGarraí Glas, feoil den chéad scoth ó bhúistéirí McGeough agus arán clúiteach Sullivan's Country Grocer. Má bhraitheann tú go bhfuil rud éigin deas tuillte agat, beidh scoth an fhíona le fáil ón Wine Buff freisin.

Tá breis agus 50 margadh de chuid NeighbourFood lonnaithe ar fud na tíre anois agus d'oibrigh Diarmuid ag ceann de na chéad chinn a bunaíodh. “Chonaiceamar go raibh tóir ar an tseirbhís ón tús. Thaitin sé go mór le daoine a bheith in ann táirgí iontacha a fháil gach seachtain gan stró agus fios acu go raibh go leor airgid á chur ar ais isteach i bpócaí na dtáirgeoirí beaga áitiúla ag an am céanna.”

Tugann NeighbourFood 80c as gach €1 a chaitear ar an suíomh don táirgeoir féin, áit a bhfaigheann siad níos lú ná 50c go minic ó na hollmhargaí móra. De bharr go bhfaigheann na táirgeoirí na horduithe lá nó dhó roimh an lá bailithe, ní gá dóibh iomarca a chur ar fáil ach oiread, rud a mhaolaíonn an cur amú bia. Tá béim faoi leith ar tháirgeoirí orgánacha agus séasúracha agus déantar gach iarracht gearradh siar freisin ar an bpacáistiú. Bhí borradh ar leith faoi NeighbourFood le linn na dianghlasála go háirithe agus é an-slán ó thaobh Covid 19 de.

Conas Clárú
An chéad chéim ná clárú le NeighbourFood, rud atá saor in aisce. Ansin, gach seachtain beidh go dtí meán oíche ar an Luan ag custaiméirí le hordú a chur isteach ar an suíomh. Idir sin agus tráthnóna Chéadaoin beidh na táirgeoirí ag obair go dian le cinntiú go mbeidh gach rud réidh le bheith bailithe idir 4-6pm an lá sin. Beidh an chéad lá bailithe ag margadh NeighbourFood na Tulaí ar an 26 Lúnasa, mar sin is gá a bheith cláraithe agus ordú a bheith istigh faoi mheán oíche, Dé Luain, an 24 Lúnasa.

Is féidir clárú anois ar www.neighbourfood.ie/antulach