MO

View Original

Blaisíní Blasta

Ó d’oscail muid doirse an chaifé anuraidh bhí sé de phribhléid againn blaisíní beaga a chur ar fáil le haghaidh cúpla ócáid suntasach i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta sa chomharsanacht, 25 bliain de TG4 agus 50 bliain de Raidió na Gaeltachta ina measc. Chuile úr, d’fhoghlaimíomar rudaí nua agus bealaí deasa le scoth an bhia a áitiúil a chur le chéile mar bhlaisíní beaga mealltacha. Seo thíos oidis do thrí chinn d’ár mblaisíní simplí a chabhróidh leat má tá tú ag cur fáilte roimh ghrúpa cairde nó clainne amach anseo. Mholfainnse 3 canapé in aghaidh an duine. Déanfaidh gach oidis seo thíos thart ar 20 canapé, mar sin má dhéanann tú na trí chinn is leor sin do 20 duine.

Comhábhair

Paté Portáin le Cúcamar Picilte
250g feoil portáin cócaireáilte
100g iógairt nádúrtha
1/2 oinniún beag dearg, gearrtha go mion
1 ionga gairleoige, meilte
1 bata soilire, gearrtha go mion
1/2 líomóid (don sú)
100g cúcamar picilte (oideas anseo más mian leat é a dhéanamh tú fein)
buillín sóide donn, gearrtha ina slisíní beaga

Pintxo
20 cipíní manglaim
200g cáis ghabhair bhog (d’oibreodh camembert nó brie go deas anseo freisin.)
100g seatnaí trátaí
20 slisíní tanaí feoil tirimithe (Jamon Iberico, serrano, prosciutto, bresaola srl.)
1 baguette mór (ar a laghad 30 cm ar fhad)

Císín Lorraine gan Ghlútan
100g bágún cócaireáilte, geartha ina gciúbaí beaga (nó slisíní liamháis stróichte)
100g cáis aibí grátáilte (chéadair nó a leithéid)
6 ubh (2 don taosrán)
320ml uachtar
400 plúr saor ó ghlútan (úsáidimid Doves Farm)
180 im
2 thrádaire cístíní cupa le 12 log


Dóthain do 20

Paté Portáin le Cúcamar Picilte

  1. Measc gach rud seachas an picil agus an t-arán le chéile i mbabhla mór measctha. (Déan cinnte nach bhfuil aon shliogáin fágtha sa phortán). Cuireann beagáinín salann leis.

  2. Nuair atá tú beagnach réidh le hithe, gearr an t-arán ina phíosaí beaga le thart ar 3cm2 d’achar. Cuir taespúnóg nó dhó den mheascán portáin ar gach píosa agus maisigh le beagáínín picil iad.

Pintxo

  1. Gearr na baguette ina slisíní 1cm ag uileann 45°.

  2. Scaip an cháis ghabhair bhog go fiail ar gach ceann. Scaip taespúnóg seatnaí ar a bharr.

  3. Cuir taobh amháin den slisín feola ar an arán agus sáigh ann é le cipín manglaim. Cas an chuid eile den slísín timpeall ar an gcipín go scaoilte agus cuir ar an gcipín é ag an mbarr.

Císín Lorraine gan Ghlútan

Tá deacrachtaí ag go leor daoine le glútan i gConamara, mar sin bímid ag déanamh ár gcuid taosráin ‘saor ó ghlútan’ féin. D’fhéadfá cásanna beaga taosráin a cheannach ach oiread le ham a shábháil ort féín.

Don taosrán

  1. Téigh an oigheann go 180°C. Gearr an t-im fuar ina gciúbaí agus cuir sa phróiseálaí bia é leis an bplúr saor ó ghlútan. Déan é a chumasc go dtí go mbeidh sé cosúil le grabhróga aráin. Bris isteach na huibheacha agus scaoil leis an rud ar fad teacht le chéile ar feadh cúpla soicind. (Mura bhfuil próiseálaí bia agat, déan an t-im a ghrátáil isteach leis an bplúr agus a chuimilt isteach ansin le do mhéara).

  2. Doirt amach i mbabhla measctha é agus déan cinnte go bhfuil sé ar fad measctha le chéile i gceart. (Ní gá a bheith buartha faoi é a oibriú iomarca mar a bheadh le gnáth-thaosrán os rud é nach bhfuil aon ghlútan ann.) Déan liathróidí 40g de.

  3. Cuir liathróid i ngach spás san trádairí cístín cupa (mura bhfuil ach trádaire amháin agat, d’fhéadfá 2 bhabhta a dhéanamh). Brúigh an taosrán síos ar bhun gach log agus suas na taobhanna go dtí go mbeidh sé den tiubhas céanna gach áit agus ag teacht chomh fada le barr gach log.

  4. Bácáil san oigheann iad ar feadh 12-15 nóiméad go dtí go mbeidh dath ag teacht orthu ar éigin. Scaoil leo fuarú. Bog timpeall beagáinín iad sna loganna le déanamh cinnte nach bhfuilid greamaithe. Cuir trádaire mór réidh ar an mbarr agus cas bun os cionn iad le go dtiocfaidh siad amach. Bí cúramach, bíonn siad breá leochaileach.

  5. Leag amach iad ar thrádaire mór bácála. Cuir roinnt bágún i ngach cás agus ansin thart ar taespúnóg den cháis grátáilte.

  6. Buail le chéile an uachtar agus na huibheacha i gcrúiscín. Cuir beagáinín salann leo. Doirt an meascán seo isteach sna cásanna anuas ar an gcáis agus ar an mbágún go dtí go mbeidh sé thart ar 1/2cm ón mbarr. Isteach leo san oigheann ansin ar feadh 15-20 nóiméad, go dtí go dtosóidh beagáinín dath donn-óir ag teacht ar an mbarr acu.