MO

View Original

Cís Cáis Ghabhair le Marmaláid Oinniúin Dearg agus Cál

Ní féidir braith ar an aimsir faoi láthair, mar sin seo oideas atá go hálainn te nó fuar ag braith ar an cén chaoi a bhfuil an lá. Bainimid féin úsáid as Cáis Ghabhair as Árann agus Cál ón nGarraí Glas sa chaifé ach d’oibreodh sé chomh maith céanna le cáis ghabhair bhog ar bith agus d’fhéadfá spionáiste a úsáid mura bhfuil fáil agat ar chál. Is fearr an taosrán a dhéanamh an oíche roimh ré agus a fhágáil clúdaithe sa chuisneoir. Má tá deifir ort, is féidir taosrán a cheannach sa siopa atá ullamh le húsáid.

Dóthain do: 8

Am: 1.5 uair an chloig

Fearas
Crann Fuinte
Stán 25cm quiche le bun scaoilte
Páipéar Bácála
Pónairí Bácála

Comhábhair
400g Cáis Ghabhair Bhog
100g Marmaláid Oinniúin Dearg
50g Cál amh, nite agus gas bainte
6 ubh (2 don taosrán)
320ml uachtar
salann

Don taosrán
400 plúr geal
180 im
(2 ubh luaite thuas)

Don taosrán

  1. Téigh an oigheann go 180°C. Gearr an t-im fuar ina gciúbaí agus cuir sa phróiseálaí bia é leis an bplúr. Déan é a chumasc go dtí go mbeidh sé cosúil le grabhróga aráin. Bris isteach an dá ubh, cuir 1spb uisce fuar isteach freisin agus scaoil leis an rud ar fad teacht le chéile ar feadh cúpla soicind. (Mura bhfuil próiseálaí bia agat, déan an t-im a ghrátáil isteach leis an bplúr agus a chuimilt isteach ansin le do mhéara, ansin measc isteach na huibheacha).

  2. Doirt amach i mbabhla measctha é agus déan cinnte go bhfuil sé ar fad measctha le chéile i gceart. Cuir cruth ciorcalach air ar nós bonn cairr agus clúdaigh le babhla é.

  3. Scaip beagáinín plúir ar an dromchla. Leag an stán ina lár agus le do mhéar tarraing ciorcal sa phlúr rith an bhealaigh timpeall atá thart ar 3cm níos leithne ná an stán féin. Rollaigh amach an taosrán go séimh, á iompú bun os cionn agus ag scaipeadh beagáin plúir faoi go rialta le cinntiú nach mbeidh sé greamaithe don chuntar.

  4. Nuair a bheidh ciorcal rollta amach agat atá thart 2-3mm tiubh agus mór go leor don stán leag an crann fuinnte ina lár agus fill an taosrán tharais. Ansin, bain úsáid as an gcrann fuinnte le é a phiocadh suas agus leag anuas ar an stán é go cúramach, ag déanamh cinnte go bhfuil sé sa lár. Brúigh isteach sna cúinní ar fad é, agus bain úsáid as d’ordóg leis an bhfuílleach a ghearradh de ar imeall an stáin. Má tá aon pholl ann, bain úsáid as an bhfuílleach le hiad a chlúdach. Brúigh gach cuid den taosrán go láidir in aghaidh imeall an stáin.

  5. Déan an bun a phriocadh thart ar 20 uair le forc. Leag píosa páipéar bácála anuas air agus cuir na pónairí bácála isteach ann, ag déanamh cinnte de go bhfuil gach cuid clúdaithe. Cuir sa reoiteoir é ar feadh 15 nóiméad (bí cúramach gan do lámh a chur suas tríd an lár leis an mbun scaoilte agus tú á phiocadh suas. Clúdaigh aon fhuílleach taosráin agus cuir sa reoiteoir é le húsáid arís.

  6. Téigh an oigheann go 170C. Leag an stán ar thrádaire bácála agus isteach leis san oigheann ar feadh 15-20 nóiméad go dtí go mbeidh dath donn-óir ag teacht ar na himill. Cuir i leataobh é le fuarú beagáinín. Cas an oigheann suas go dtí 180C.

  7. Ullmhaigh an meascán. I gcrúiscín mór, buail le chéile na ceithre ubh, an t-uachtar agus beagáin salainn.

  8. Bain an taosrán amach as an bhfáinne tríd babhla nó soitheach eile a chur faoi agus scaoileadh leis an taosrán ardú amach ar bhun an stáin. Cuir an fáinne i leathaobh, leag an taosrán anuas ar an trádaire bácála arís agus líon an quiche.

  9. Ar dtús, scaip an marmaláid oinniúin dearg go cothrom ar an mbun. Ansin, cuir cnaipí nó liathróidí cáis ghabhair iseach, scaipthe amach go cothrom. Cuir an cál idir eatarthu. Doirt an meascán uibheacha agus uachtair os cionn an rud ar fad, go dtí go mbeidh sé beagnach thuas go dtí imeall an taosráin.

  10. Isteach leis san oigheann ansin ar feadh 25-30 nóiméad go dtí go mbeidh dath ag teacht ar an meascán uibheacha agus nach mbeidh aon chorraí ann agus tú á chreathadh. Scaoil leis fuarú beagáinín.

  11. Ith leat. Is maith linn féin é le picil, reilis agus duillí úra.