MO

View Original

Ramen Gasta agus Blasta

Is breá liom an t-oideas seo. Is féidir é a dhéanamh beagnach go hiomlán amach as an gcófra in níos lú ná 15 nóiméad. Má tá tú ag aireachtáil fuar nó beagáinín tinn, tá sé deacair stoc sicín a bhualadh le tú a chur ar ais ar do sheanléim.

Comhábhair

2 ubh
1 ionga gairleoige
½ ordóg sinséir
800ml Stoc Sicín
120g núdail uibhe tirime
2spb anlann soighe
1tsp anlann éisc
1/2tsp callóga silí
1tsp mil
1 scailliúin, gearrtha ina slisíní ar fhána
1tsp síolta seasamain

  1. Líon pota measartha mór le huisce go dtí go mbeidh sé thart ar 5cm domhain agus tabhair chun fiuchta é. Cuir babhla le go leor uisce fuar ann ina aice leis an sorn. Cuir na huibheacha isteach sa phota go cúramach le spúnóg agus déan iad fhiuchadh ar feadh 6 nóiméad. A luaithe is atá an t-am istigh, bain amach as an bpota iad agus cuir isteach san uisce fuar iad. Caith amach an t-uisce agus bain an pota den teas.

  2. Bain craiceann na gairleoige agus craiceann an sinséir. (Cleas, bain úsáid as taespúnóg leis an gcraiceann a bhaint den sinséir.) Déan iad a ghrátáil isteach sa phota.

  3. Isteach leo cuir an t-anlann soighe, an t-anlann éisc, na callóga, an mhil agus an stoc sicín ar fad. Tabhair chun fiuchta é agus fág ar suanbhruith é ar feadh 5 nóiméad.

  4. Cuir isteach na núdail tirime agus scaoil leo cócaireáil ar feadh an méid ama atá luaite leo ar an bpaicéad, á chorradh ó am go ham le cinntiú go bhfuil siad scapthe amach i gceart.

  5. A fhad agus atá siad ag cócaireáil, bain craiceann na n-ubh agus gearr iad ina dhá leath. Leag síos go gasta iad agus ná scaoil leis an mbuíochán álainn bog sin rith amach astu.

  6. Nuair a bheidh na núdail cócaireáilte, bain amach as an anlann iad agus roinn idir dhá bhabhla mór iad. Ansin, doirt an t-anlann os a gcionn go cothrom. 

  7. Maisigh iad le síolta seasamain, scailliúin agus na huibheacha beirithe.