MO

View Original

El Salvador agus Guatemala

I gcomparáid leis na tíortha ollmhóra a bhí le trasnú againn i Meiriceá Theas, bhraith tíortha Meiriceá Láir breá beag (ainneoin a mhall agus a shean is a bhí na busanna, mionbhusanna agus truiclíní a thug thart muid). Níor chaitheamar oiread ama i ngach tír, mar sin, agus thugamar faoi deara go raibh go leor rudaí coiteann (agus éagsúla) le fáil i mbia na dtíortha sin. Is de réir a chéile ó áit go háit seachas ó thír go tír a d’athraigh an aiste bia. Is iad na béilte a bhí againn in El Salvador agus in Guatemala is mó a chuimhním orthu go fóill agus go leor iarrachta déanta agam athrais a dhéanamh orthu.

Tortillas

Tá cur amach againn ar fad ar tortillas faoin dtráth seo agus na fillteoga plúir le fáil ar fud na cruinne le fada an lá. Sula ndeachaigh mé go Meiriceá láir, áfach, ní raibh mórán cur amach agam ar tortillas cearta déanta as arbhar. Ar tosú amach dúinn in Panama bhí na tortillas breá tiubh. De réir mar a ghluaiseamar ó thuaidh d’eíríodar níos tanaí go dtí gur bhaineamar deisceart Mheicseiceó amach, áit a rabhadar níos cosúla leis an rud a raibh taithí agam féin air. Ainneoin na miondifríochtaí sa tiubhas, san uigeacht agus san arbhar féin ar baineadh úsáid as le hiad a dhéanamh, tá an próiseas déantúsaíochta mar an gcéanna i gcónaí. Is ón arbhar úr a rinneadh na cinn uile ar tugadh dúinn iad. Tógtar an arbhar agus cuirtear tríd próiseas ar a dtugtar niocstamalú. Briseann an próiseas seo síos cuid de na struchtúir san arbhar le gur féidir an craiceann a ghlanadh de agus an arbhar féin a mheilt. Cuireann an niocstamalú seo le luach cothaitheach agus le blas an arbhar ag an am céanna. Meiltear an arbhar agus brúitear amach ina dioscaí beaga tanaí iad sula mbácáiltear iad ar dhromchla tirim, te.

Níor thuig mé ach oiread, sular bhain mé na tíortha seo amach, a lárnach is atá tortillas san aiste bia i Meiriceá Láir. Tugtar duit iad le beagnach gach uile béile. Bricfeásta, lón, dínnéar; tabharfar ciseáinín beag álainn duit le beart breá tortillas úr-bhácáilte clúdaithe le píosa beag éadaigh ildaite le hiad a choinneáil te. Dá mbeidis ag ithe dinnéar rósta an Domhnaigh, bheadh tortillas acu leis. Ní haon áibhéal é sin. Is aoibheann liom é mar nós.

Pupusas

Ar chuala sibh trácht ar pupusas? Is cineál de tortilla líonta iad a dhéantar ar fud na Salvadóire. I lár báire, go hiondúil, bíonn pónairí brúite, cáis, chorizo, chicharrón nó rudaí deasa eile agus ar an mbord sna 'pupuserias' (bialanna pupusa) bíonn slá de chabáiste picilte ar a dtugtar curtido agus anlanna deasa eile.

Ós rud é go bhfuil El Salvador fíor-bhocht mar thír, is ar thaobh an bhóthair i mbotháiníní beaga is mó a d’itheamar na seoda seo agus ba é an t-eispéireas sin, suite taobh le taobh leis na daoine áitiúla, na páistí ag rith thart agus ár ndínnéar á ullmhú úr agus á chócaireáil ar thine adhmad cuid den chúis a raibh mé chomh tógtha leo. Tá siad ar cheann de na cineálacha bia ba mhó a thaitin liom go dtí seo ar mo thuras! Tá mé tosaithe cheana féin ar m’oideas féin a fhorbairt sa bhaile.

Chocobanano

Do dhuine ar bith a d’fhéach ar Arrested Development riamh, tuigfidh sibh cén chineáil ruda é chocobanano. Banana reoite atá ann, clúdaithe le seacláid. Simplí ach bhí sé go deas é a ithe in áit ar féidir na comhábhair sin a aimsiú go nádúrtha. Ba dheas an sneaic gan déirí iad in áit uachtar reoite agus an ghrian ag scalladh anuas orainn. “Tá airgead sa seastán bananaí i gcónaí.”

An Margadh Bia in Juayua

Ba é Juayua an príomh-cheann scríbe bia againn in El Salvador. Tá clú agus cáil ar an bhféile bia a reáchtáiltear ann gach deireadh seachtaine. Tagann lucht na seastáin isteach ó na ceantair uile máguaird le plátaí mórá blasta de gach cineáil a chur le chéile.

Ba leor pláta amháin idir beirt i ndáiríre agus iad curtha thar moill le bia cosúil le prátaí friochta, cloicheáin, mairteoil, ispíní, piobairí, abhacáid, arbhar, sailéid, sicín agus neart eile, é ar fad cócaireáilte ar an dromchla te céanna agus clúdaithe leis an ola luibhe chéanna. Traséilliú den chineáil is fearr!

Seacláid the ar an mBolcán

Thaitin seacláid the go mór liom im’ óige. Nuair a thosaigh mé ag tabhairt cuairte ar chathair mhór Chorcaí den chéad uair liom féin sna déaga d’úsáid mé seacláid the mar gheata chun an chaifé agus mé tógtha go maith le mocha milis. Níor mhair an gá a bhí agam leis an milseacht ró-fhada agus ó shin i leith is beag leasú a dhéanaim ar an espresso a ólaim seachas é a shíneadh le huisce te in amanna ar mhaith le mo chroí a stopadh ag pléascadh! É sin ar fad ráite, ó am go chéile, má bhíonn deis an seacláid the ceart a bheith agam (mar a bhíonn ag muintir Uí Chonaill i gcathair Chorcaí na laethanta seo) tapóidh mé é. Agus muid ar an mbóthar sna tíortha as ar eascair a cacao clúiteach den chéad uair is minic a thriail mé cupán, mar sin, agus iad déanta ar go leor bealaí éagsúla.

N’fheadar ar bhain sé le heaspa fuinnimhe, beagáinín fuachta nó fonn go díreach ach nuair a rinne an sean-bhean borb seo seacláid the dúinn (ainneoin gur iarr mé caifé) bhí rud éigin speisialta faoi. Ba léir nach raibh aon bhainne ann, agus fíor-bheagáin siúcra agus bhí ola nádúrtha na seacláide le feiceáil go sonrach sa stoirm a scaip trasna ar dhromchla na leachta sa chupán os mo chomhar. Ba speisialta an bhlas é!

Dobladas

Is ar bhruach Lago de Atitlán, sa sráidbhaile bheag San Pedro La Laguna, a raibh sé de phribhléid agam na sneaiceanna beaga áille seo a thriail. Oíche amháin, ar thaobh na sráide agus muid ag siúl ascaillí beaga géara an bhaile thánamar ar an mbean agus bord os a comhair lán le gach cineáil bia. Mire poix, bíotas picilte, guacamole, slisíní oinniún, salsa, frijoles agus go leor eile. Maisiúcháin ab ea iad ar fad le cur ar bharr na dobladas, tortillas fillte agus friochta le cáis ina láir. Bhíodar iontach blasta agus iontach saor.

Pepián de Pollo

I mbialann bheag trasna ón séipéal in Antigua a thriail mé an mias seo den chéad uair. Is istigh ar chúl, in spás a raibh níos mó de dhealramh aige le seomra suite an tí ná cuid den ghnó chun tosaigh a shuíomar agus pearóid chiúin mar chomhluadar againn.

Deir go leor daoine gurb ionann é agus mias náisiúnta Guatemala. Go bunúsach is éard atá ann na stobhach spíosrach sicín. Róstáiltear agus measctar go leor comhábhair, trátaí, oinniúin, silithe agus gairleog ina measc, le chéile agus déantar anlann mín dóibh. Cócaireáiltear an cosa agus sciatháin sicín in stoc agus ansin clúdaítear leis an anlann tiubh blasta seo. Itear é de ghnáth le rís agus, gan amhras, cúpla tortilla. Tá sé iontach blasta!

Gnáth-Bhricfeasta Salvadoreño

Gné eile d’aiste bia na dtíortha seo a thaitin go mór linn ná na bricfeastaí acu. Ar bhealaí táid an-chosúil leis an méid a bheadh againn sa bhaile, ach ar bhealaí eile táid an-éagsúil. Bíonn uibheacha, pónairí agus uaireanta ispíní acu ach in áit pónairí bácáilte bíonn frijoles brúite acu agus in áit na hispíní neamh-bhagracha atá againne bíonn go leor spíosraí acu iontu. Ar a bharr sin bíonn bananaí nó plantán friochta acu, cáis bhog agus queso blanco agus, gan amhras, tortillas.

Thaitin sé linn freisin go raibh rogha againn idir chaifé agus seacláid the le hól leo. Tá na bricfeastaí seo á réiteach agam sa bhaile ó shin agus mé go hiomlán gafa leo!

Laibhe-cháin ar an mBolcán

Ní dóigh liom go bhféadfá seo a áireamh i measc bia dúchasach áitiúil an cheantair ach bhí an-chraic ag baint leis. Chuamar ar thuras siúl ar bholcán beo gar do Antigua in Guatemala. Ag barr an bholcáin tugadh bataí agus leamhacháin dúinn agus bhí deis againn iad a thóstáil ar an teas a bhí ag eirí aníos ón laibhe.

Bhí strainc bhuartha ar ár dtreoraí bocht agus é soiléir go raibh teas an bholcáin ag íde lá in ndiaidh lae agus go dtiocfadh deireadh leis an gcineáil seo turais go luath ach d’éirigh linn ár gcuid leamhacháin a leá agus bhaineamar an-sult as an teispéireas ar fad.