MO

View Original

Taistil tírdhreach fairsing bia na Brasaíle leis na 8 mias seo

Tá an réimse atá le fáil i mbia na Brasaíle thar a bheith spéisiúil. Tá go leor éagsúlachta le fáil ann ach ar bhealaí eile tá sé an-chosúil le bia na hEorpa. Baineann muintir na Brasaíle úsáid as modhanna cócaireachta atá coitianta ar fud na cruinne ach tá amhábhair thar a bheith spéisiúil ar fáil dóibh.



Thosaigh an t-aistear ite agam in Salvador, Bahia, an chéad phríomhchathair a bhí ag an mBrasaíl. Is anseo is mó a fheictear an cultúr Afra-Brasaíleach. Seo daoine de shliocht na sclábhaithe ar tugadh chun na tíre iad fadó agus Ríocht na Portaingéile i réim.

Is féidir meascán spéisiúil a fheiceáil sa bhia anseo idir stíleanna na hAfraice agus na hEorpa, agus úsáid á baint as comhábhair áitiúla. Tá Salvador bocht go leor mar chathair i gcomparáid le háiteanna eile sa tír, mar sin is ar na sráideanna is mó a d'aimsigh mé léirithe spéisiúla ar an mbia acu, go háirithe acarajé, tapioca agus açai.

Acarajé
Tá an-iomaíocht idir na seastáin éagsúla in Salvador maidir le cé acu atá an acarajé is fearr. Is iad na mná atá i réim sna gnólachtaí seo agus caitheann siad go gairmiúil leis. Tá a ról féin ag gach duine ar an líne dhéantúsaíochta, agus éadaí ornáideacha traidisiúnta orthu leis. Is éard atá san acarajé ná liathróid mhór de phónairí dúshúileacha brúite, agus é domhainfhriochta. Ansin cuirtear cúpla gearradh ann, osclaítear amach beagáinín é agus, cosúil le práta bácáilte, líontar é le rudaí áille cosúil le vatapa, camarao (cloicheáin troimithe) agus salsa glasraí úra. Tá sé trom go maith agus tá blas sách láidir air (go háirithe má bhíonn an camarao leis) ach tá sé an-bhlasta agus líonfaidh sé go maith tú.

Tapioca
Gach seans go bhfuil cloiste agat faoi tapioca cheana. Milis, uachtarach, cosúil le putóg ríse, tá sé coitianta go maith mar mhilseog sna Stáit Aontaithe. Sa Bhrasaíl, áfach, tá sé ábhairín éagsúil. Tá sé déanta go fóill as an stáirse triomaithe a bhaintear amach as an gcasabhach (plúr manioc) ach seachas é a fhliuchadh arís, úsáidtear tirim é. Cosúil le crêpe, cuirtear an plúr síos ar dhromchla te agus cuirtear cruth air le fáinne miotal. Ceanglaíonn an plúr le chéile ar an teas agus líontar ansin é, cosúil le crêpe, le rudaí milse agus neamh-mhilse araon. Is féidir leis a bheith rud beag tirim ach réitítear sin le cáis nó anlanna milse.

Açai
Tá tráchtanna ar an gcaor uilechumhachtach seo ag éirí níos coitianta san Eoraip le déanaí ach tá sé á ithe acu in Amasóin na Brasaíle leis na cianta. Fásann sé go nádúrtha i scamhóga an domhain go fóill, seachas ar fheirmeacha. An deacracht a bhaineann leis na caora, áfach, ná go gcailleann siad a maitheas go gasta théis a bpioctha. Chuige sin, is é an bealach is coitianta a fhaightear iad ná reoite. Má fheiceann tú açai ar díol sa Bhrasaíl, mar sin, is éard a bhíonn i gceist leis ná cineál sorbet déanta as na caora, a mhaisítear go hiondúil le dulce de leche, bananaí agus gránóla. Tá sé deacair cur síos a dhéanamh ar an mblas atá ar an toradh álainn seo, ach tá sé cosúil le meascán idir seacláid agus sméara dubha. Tá sé deacair a chreidiúint, mar sin, go bhfuil sé go maith duit, agus é lán frithocsaídeoirí. Tá súil agam go bhfeicfidh mé leagan déanta le torthaí dúchasacha Éireannacha go luath.

I ndiaidh Salvador, lean mé ar aghaidh ó dheas ar mo chuid taiscéalaíochta go dtí an dara príomhchathair a bhí ag an mBrasaíl, agus an áit is mó turasóireachta sa tír go fóill, Rio de Janeiro. Anseo, bhí go leor den traidisiún le feiceáil go fóill ach bhí tionchar an domhain mhóir ag éirí níos soiléire. Cé go bhfuil gach cineál bialainne faoin spéir le fáil sa chathair álainn seo, bhí na bialanna 'por kilo' (costas in aghaidh meáchain) an-éifeachtach le go leor miasa éagsúla a thriail.

 

Feijoada

Ní fhéadfainn labhairt faoi bhia na Brasaíle gan tagairt a dhéanamh do feijoa (pónairí). Stobhach fóinteach atá in feijoada atá le fáil ar fud na Brasaíle. Is as pónairí donna a dhéantar é; déantar cuid de na pónairí a mheilt leis an anlann a dhéanamh níos tibhe agus an chuid eile acu a fhágáil iomlán sa stobhach féin. I dteannta leo bíonn píosaí beaga muiceola. Itear an rud ar fad le rís go hiondúil. Go hálainn.

Brigadeiro
Tá neart cleasanna ag polaiteoirí na Brasaíle na laethanta seo ach ní rud nua é sin. In 1945 agus Eduardo Gomes, a bhí ina 'brigadeiro' san airm, san iomaíocht don uachtaránacht bheartaigh sé dul i bhfeidhm ar dhaoine trína mbolg (is maith liom an stíl aige). Chuaigh sé timpeall ag iarraidh vótaí a cheannach leis an milseog bheag seo déanta as seacláid agus dulce de leche, clúdaithe le smidiríní seacláide. Is cuma cén t-ainm a bhí air ag an am, uaidh sin ar aghaidh tugadh brigadeiro ar an tseoidín mhilis seo agus is é Rio an áit le hí a thriail.

Ó iar-phríomhchathair go dtí an fhíor-phríomhchathair, ghluais mé ó dheas go dtí São Paulo. (Is é Brasilia an phríomhchathair go hoifigiúil, ach is é São Paulo an chathair is mó sa tír agus breis agus 20 milliún duine ag cur fúthu ann.) Tá sé deacair a rá an é bia na Brasaíle atá i réim sa phota mór cultúrtha seo, agus cuid den pizza agus den bhia Seapánach is fearr ar domhan (taobh amuigh dá dtíortha dúchasacha féin) ach tá a seoda Brasaíleacha féin ag an ollchathair seo agus tá áit tuillte acu san aistear cinnte.

Coxinha
Seo ceann de na rudaí is mó a thaitin liom faoin mBrasaíl. Tá siad gach áit in São Paulo. An scéal atá taobh thiar díobh ná go raibh mac leis an mbanphrionsa, Isabel, nach n-íosfadh ach cosa sicín. Bhí an cócaire faoi bhrú lá amháin agus gan cos ar bith fágtha aige don bhuachaill óg. Mar sin, thóg sé na cnámha ó cheann a bhí ite cheana agus as gearrthacha eile sicín rinne sé cruth coise timpeall orthu agus cheangail sé iad le taosrán, chlúdaigh sé iad le grabhróga aráin agus rinne sé iad a dhomhainfhriochadh. Bíonn an cruth céanna orthu anois ach ní bhíonn cnámh leo a thuilleadh. Bíonn siad líonta le sicín spíosraithe agus cáis uachtair.

Mortadella
Má bhíonn tú in São Paulo téigh chuig an Mercado Municipal. Tá an spás mór lán siopaí beaga ag díol gach cineál comhábhair agus bíonn na fir ag na seastáin torthaí ar a seacht ndícheall ag iarraidh go dtriailfidh tú na táirgí acu. Ach domsa, ba é buaicphointe an eispéiris ná an ceapaire is cáiliúla sa chathair, an Mortadella. Builín Francach, moll mór d'fheoil Bologna gearrtha go tanaí agus friochta mar bheart mór amháin, clúdaithe le cáis leáite. Cé nach bhfuil aon chuid de chomhábhair an cheapaire seo Brasaíleach leo féin, is dlúthchuid de chultúr bia São Paulo an ceapaire seo.

De réir mar a bhog mé ó dheas sa tír thosaigh tionchair ón gcuid eile den ilchríoch seachas ón gcuid eile den domhan ag éirí níos coitianta.

Churrasco
Tá an churrasco an-chosúil le asado na hAirgintíne. Go bunúsach buffet gan teorainn atá ann ach tá dhá bhealach éagsúil agat do chuid bia a fháil. Tá na glasraí, na sailéid agus gach rud seachas an fheoil le fáil sa buffet agus bíonn siad iontach maith. Ansin, siúlann na freastalaithe timpeall le gearrthacha éagsúla feola ó ainmhithe éagsúla, gach rud ó easnacha agus stéig mhairteola go cosa agus croíthe sicín chomh maith le hispíní agus cáis, iad ar fad cócaireáilte ar an tine. Leanann siad orthu ag teacht chugat arís agus arís eile go dtí go n-iarann tú orthu do phláta a thógáil uait (nó in áiteanna áirithe bíonn cártaí acu, glas ar thaobh amháin, dearg ar an taobh eile, le cur in iúl ar mhaith leat níos mó nó nár mhaith). A fhad agus ata tú in ann srian a choinneáil ort féin, is iontach an t-eispéireas é.

Barreado  

Ar ais i dtreo an chósta liom ansin go dtí baile beag álainn, Morretes. Bíonn na céadta ag tuirlingt sa bhaile seo ón traein cháiliúil, an Serra Verde Express (níl rud ar bith express faoi) agus bíonn gach bialann ag iarraidh mias an bhaile a dhíol leo, barreado. Cineál de stobhach mairteola mallchócaireáilte atá ann agus itear é le plúr casabhaigh, slisíní banana agus braoinín sú oráiste. Má bhíonn sé agat amach anseo, déan cinnte de go meascann tú go maith é; bíonn an plúr casabhaigh chomh tirim sin go bhfágfaidh sé ag casachtach ar feadh an lae thú! Seachas sin tá sé iontach blasta mar mhias.

Caife

Gan amhras, nuair a phléitear bia na Brasaíle, caithfear tagairt a dhéanamh do cheann de na táirgí bia is mó a easpórtáiltear aisti, ceann atá an-ghar do mo chroí féin, an caife. Tá sé le fáil ar fud na tíre, cinnte, ach tá cur chuige an-difriúil ag baint leis i gcomparáid leis an taithí a bheadh againne sa bhaile. Déantar é den chuid is mó ar bhealach atá cosúil leis na meaisíní scagairí atá coitianta sa bhaile ag daoine sna Stáit Aontaithe ach, seachas an caife a fhágáil i gcrúiscín ar phláta te, is minic a bheireann na Brasaíligh leo fleasc den bhreosla donn sin le hól cupáinín ag an am i gcaitheamh an lae. Ní raibh meaisíní espresso róchoitianta ach sna háiteanna is uirbí. Mar a tharlaíonn go minic ar fud na cruinne leis na hacmhainní nádúrtha is luachmhaire, ar an drochuair, easpórtáiltear an chuid is fearr acu.

Caldo de Cana 

Sula raibh an caife i mbarr a réime sa tír, áfach, bhí feirmeoireacht ar bun acu ar fhoinse eile fuinnimh, an siúcra. Agus tú ag taisteal timpeall na tíre tá sé deacair é a sheachaint. Is mó seans go bhfaighidh tú cáca ná cornflakes don bhricfeasta! Taobh amuigh den úsáid fhorleathan a bhaintear as an siúcra scagtha, tá úsáid an-spéisiúil á baint acu go fóill as an gcána amh. Amuigh ar an tsráid, bíonn innill acu trína gcuirtear an cána arís agus arís eile, ar mhaithe leis an sú milis atá ann a bhaint amach. Cuirtear thar oighear an leacht seo agus cuirtear blas air uaireanta le líoma agus óltar go díreach mar sin é. Tugtar caldo de cana air seo agus tá sé go hálainn ar lá te.

Ainneoin phlúr na nglasraí agus na dtorthaí a bheith le fáil sna margaí ar fud na Brasaíle, áfach, is beag rud úr a bhaineann biachlár amach agus is deacair an salann, an siúcra agus an fheoil a sheachaint. Idir na comhábhair agus na hoidis bhundúchasacha, Afracacha agus Eorpacha measctha le chéile ar bhealaí éagsúla ar fud na tíre, tá lón machnaimh i mbia na Brasaíle, cinnte.