MO

View Original

Stobhach Teolaí Pónairí

Mí Eanáir atá ann. Tá na pinginí gann agus na laethanta fuar. Mar sin féin, táimid ag iarraidh a bheith maith agus tús sláintiúil a chur leis an mbliain úr.

Seo oideas deas a fhreastalaíonn ar gach trá acu agus atá an-ghasta agus furasta freisin. Rachaidh sé níos faide fós má chuireann tú rís leis.

Dóthain do: 4 (6 le rís)

Am: 45 nóim

Comhábhair
50ml Ola Olóige
2 Oinniún Dearg
3 Ionga Gairleoige
1 Piobar Dearg
1 Sillí Dearg
1 Taepúnóg Paprika
1 Taespúnóg Coriander Meilte
1 Taespúnóg Cumin Meilte
2 Taespúnóg Salainn
3 Canna 400g Trátaí Gearrtha
1 Canna 400g Pónairí Duánacha
1 Canna 400g Pónairí Cannellini
Iógairt Nádúrtha (mar mhaisiú)
Coriander Úr, gearrtha go mion (mar mhaisiú)

Fearas
Scian Ghéar
Pota Mór le Claibín
Spúnóg Adhmaid
Síothlán

1. Bain craiceann na n-oinniún agus gearr iad ina slisíní.

2. Bain craiceann na gairleoige agus gearr go mion í.

3. Bain gas agus síolta an phiobair agus go mion é.

4. Bain síolta an tsillí agus gearr go mion é.

5. I bpota mór, ar mheánteocht, déan na hoinniúin a fhriochadh san ola ar feadh 4 nóiméad agus an claibín ar an bpota, á gcorradh go rialta. Cuir isteach an ghairleog agus déan í a fhriochadh ar feadh nóiméid amháin eile.

6. Cuir isteach an sillí agus an piobar dearg agus déan iad a fhriochadh ar feadh nóiméid eile.

7. Bain na pónairí amach as na cannaí acu agus cuir isteach i síothlán iad. Déan iad a ní faoin sconna le dríodar ar bith a bhaint. Cuir na pónairí, na spíosraí agus an salann isteach sa phota.

8. Cuir isteach na cannaí trátaí. Líon ceann acu leathbhealach suas le huisce agus caith isteach an t-uisce sin freisin.

9. Tabhair chun fiuchta é agus fág ar mheánteocht é ar feadh 30 nóiméad, á chorradh ó am go chéile. Cuir amach é le spúnóg iógairt ar a bharr (fág seo ar lár do veigeánaigh, gan amhras) agus roinnt coriander, gearrtha go mion.