MO

View Original

Cáca Cáise Neamhbhácáilte le Compote Sméara Measctha

Seo oideas álainn simplí, gasta agus blasta a chuirfidh clabhsúr snasta le béile ar bith.

Buntáiste mór a bhaineann leis seo ná ar féidir é a dhéanamh lá nó dhó luath agus mairfidh sé sa chuisneoir go dtí go mbeidh tú réidh le hé a ithe.

Dóthain do: 6

Am: 60 nóiméad

Comhábhair
250g Mascarpone
200g Cáis Uachtair
190g Siúcra Mín
2 Taespúnóg Taos Pónairí Fanaile
50g Plúr Donn
100g Plúr Bán
1 Taespúnóg Púdar Bácála
100g Ime
400g Torthaí Reoite Measctha

Fearas
Pota ar Mheánmhéid
Babhla Mór Measctha
Trádaire Bácála
Páipéar Bácála
Forc
6 Gloine nó Soitheach eile (le spás le haghaidh 150-200ml)
4 Taespúnóg
Greadtóir
 

1. Téigh an t-oigheann go dtí 180 C.

2. I bpota ar mheánmhéid, ar theocht íseal, caith isteach na torthaí reoite ar fad agus 80g siúcra mín ar a bharr. Scaoil leis leá agus laghdú ar feadh 15-20 nóiméad, á chorradh ó am go chéile le cinntiú nach ndófaidh sé agus nach ngreamóidh sé. Bain den teas é agus doirt isteach i leataobh i mbabhla é le fuarú.

3. An fhad agus atá an compote ag laghdú, measc le chéile comhábhair thirime uile na mbrioscaí (50g plúir dhoinn, 100g plúir bháin, 50g siúcra mhín agus taespúnóg púdair bácála) i mbabhla measctha. Cuir isteach leo 100g ime agus tabhair le chéile an rud ar fad ina liathróid mhór amháin.

4. Roinn an meascán seo ina 9 gcuid trí liathróidí beaga ar comh-mhéid le liathróid ghailf a dhéanamh de. Leag amach ar thrádaire líneáilte bácála iad ceann ar cheann, á mbrú síos go garbh le forc. Beidh siad á mbriseadh ar ball, mar sin ní ga go mbeidís rónéata. Cuir san oigheann iad ar feadh 10 nóiméad go dtí go dtiocfaidh dath órdhonn orthu. Cuir ag fuarú iad ar feadh 10 nóiméad eile.

5. An fhad agus atá na brioscaí agus an compote ag fuarú leo, measc le chéile an meascán cáise. Isteach i mbabhla measctha, cuir 200g cáis uachtair, 250g mascarpone, 60g siúcra mhín agus 2 thaespúnóg taois pónairí fanaile. Measc le chéile go maith le greadtóir iad.

6. Nuair a bheidh siad fuaraithe, déan na brioscaí a bhriseadh. Leag tuáille amach ar an gcuntar, cuir na brioscaí isteach i lár báire. Fill tharstu an tuáille agus ansin buail le crann fuinte nó rud éigin eile mór agus trom go dtí go mbeidh siad ar fad briste go maith.

7. Anois tá sé in am gach rud a chur le chéile. I ngach gloine, cuir isteach thart ar 4 thaespúnóg de na brioscaí briste agus brúigh síos iad le cúl na spúnóige. Ansin, ag baint úsáid as dhá thaespúnóg cuir 1/6 den mheascán cáise isteach i ngach gloine. Tá sé dúshlánach gan cáis a chur ar thaobhanna na gloine agus seo á dhéanamh agat. Is é an bealach is fearr ná an meascán cáise a chur i lár báire, spúnóg i ndiaidh spúnóige agus é a bhrú síos agus amach uaidh sin de réir a chéile go dtí go mbeidh sé ar fad scaipthe go cothrom. Ar a bharr seo, cuir isteach thart ar 3 thaespúnóg den compote agus scaip amach go cothrom é. Cuir sa chuisneoir na cácaí go dtí go mbeidh siad le hithe.